Ré Ó Laighléis

An Nollaig sa Naigín le Ré Ó Laighléis
Léaráidí le Tatyana Feeney


An Nollaig 1961. Mé ocht mbliana d’aois. Bhuel, ocht mbliana go leith, i ndáiríre. Séideán sneachta ina chuilithíní boga isteach trí’n bhfuinneog oscailte a dhúisíonn mé. Tá an millisoicind ann, díreach i ndiaidh dom mo shúile a oscailt – nó an roimhe sin a tharlaíonn – nuair a shílim go bhfeicim San Nioclás ag léim amach an fhuinneog.

“Haí, a Phete,” adeirim go díograiseach, “an bhfaca tú sin?”

Meánfach ag mo dheartháir sa leaba thall, ansin torann clamprach a choirp á chasadh. Agus, leis sin, gnúsacht de chineál.

“A Phete, an bhfaca tú é?”

“Óra, cén diabhal atá ort an tráth seo den mhaidin?” ar sé, agus boirbe ar a ghlór.

“San Nioclás, a Phete! Tá sé díreach tar éis dul amach an fhuinneog.”

An dara casadh sa leaba aige, agus ansin, casadh eile fós: “Ó, in ainm Chroim! Ag brionglóideach atá tú, a bhuachaill,” ar sé.  “Ar chaoi ar bith, ní amach an fhuinneog a imíonn sé, ach suas an bloody simléar.”

An ceart aige, ar ndóigh, agus tuige nach mbeadh?

Nach bhfuil sé dhá bhliain níos sine ná mé agus an uile ní ar domhan feicthe aige thar mar atá feicthe agamsa. Ach mé cinnte de go bhfaca mé ag dul amach an fhuinneog é. D’ainneoin sin, breathnaím ballaí an tseomra. Ceithre cinn díobh. Is dócha nach féidir síleáil nó urlár a áireamh ina bhalla. Iad siúd amháin a sheasann go hinghearrach le hurlár nó le síleáil a áireofaí mar bhallaí i ndomhan na heaspa samhlaíochta – domhan na ndaoine fásta. Ceithre cinn díobh, más ea.

Sea, ceithre bhalla, mórán mar a bheadh i ngnáthsheomra ar bith, is dócha. Ach simléar nó poll de chineál ar bith ní raibh le feiceáil iontu – bhuel, seachas an poillín beag sin sa chlár ciumhaise ag bun an bhalla, a bhfuil na luchóigíní in ainm is a bheith isteach agus amach tríd. An poillín sa chlár ciumhaise! San Nioclás! Meas tú? San Nioclás? Naw, ní fhéadfaí.

“Ach, a Phete, níl aon simléar sa seomra seo.”         

Osna mhór fhada uaidh an babhta seo, casadh eile fós, ansin ardaíonn sé é féin ar leathuillinn agus breathnaíonn sé go géar orm:

“In ainm dílis Dé, nach bhfuil a fhios agam go rímhaith nach bhfuil aon bhloody simléar sa seomra seo. Codlaímse anseo freisin, a bhuachaill, agus tá mé níos sine ná thú, chomh maith.” Agus, leis sin, baineann sé a mheáchan den leathuillinn agus titeann siar de phlimp ar an tocht athuair.

Sea, níos sine! Ach, an poillín sin sa chlár ciumhaise … is ar mo thaobhsa den seomra atá sé. Ní hin amháin é, ach tá sé ag bun an bhalla úd atá buailte leis an taobh istigh de mo leabasa. Seans nach bhfaca Pete le fada fada é. Go deimhin, ní fhaca mé féin le fada fada é. Seans go bhfuil sé éirithe an-mhór faoin am seo. Seans gur tollán anois é – tollán atá ceangailte leis an simléar, pé áit a dtéann sé sin suas trí struchtúr an tí. Tollán a bheadh áisiúil go maith do Shan Nioclás mar bhealach chun an tsimléir.  Tollán, b’fhéidir – b’fhéidir – a bheadh mór a dhóthain do Rudalf agus dá chuid comhréinfhianna leis.

De ghluaiseacht mhire a thumaim mo chloigeann i dtreo an urláir, ardaím imeall na cuilte agus breathnaím isteach faoin leaba. Tógann sé tamaillín orm dul i dtaithí ar an dorchadas istigh, ach, in imeacht roinnt soicindí, aimsíonn mo shúile barr an chláir chiumhaise. Leanaim fad an chláir, ag cuardach an phoill. Is poll é poll i gcónaí, a shílim dom féin, fiú má tá sé bun os cionn.  

Agus aililiú! Sin é ansin é, áit a raibh sé i gcónaí: poillín na luchóigíní sa chlár ciumhaise. Ach é beag i gcónaí, leis, chomh beag céanna is a bhí sé an uair dheireanach a bhreathnaigh mise air. Sílim glaoch ar Phete athuair lena a rá leis nach trí’n gclár ciumhaise a tháinig San Nioclás, ar aon chaoi, agus gur cinnte nach trí sin a d’éalaigh sé. Ansin, ritheann sé liom nach bhfuil rud ar bith ráite agam leis faoin bpoillllín, ar aon nós. B’fhearr gan é a lua ag an bpointe seo. ’S nach bhfuil sé dhá bhliain níos sine ná mé, ar chaoi ar bith, agus nithe ar a eolas aige nach bhfuil agamsa. 

Ach mé cinnte de ar feadh an ama gur trí’n bhfuinneog a chonaic mé ag imeacht é. Í ar lánoscailt i gcónaí. Agus nach raibh an fhuinneog chéanna dúnta go daingean agus mise ag dul chun na leapa san oíche aréir! Meas tú! 

Caithim díom an chuilt agus siúlaim go hamhrasach i dtreo na fuinneoige. Fuaire an tséideáin ar mo chliabhrach ’gus ar m’aghaidh, agus mé ag druidim leis – í om’ ghriogadh, om’ phriocadh, om’ phrímeáil do dhraíocht ghártha na maidine seo. Cuilithíní boga sneachta ag spallaíocht le craiceann m’éadain, fiú sula shroisim an fhuinneog fhéin.

Ansin, seasaim go dána san oscailt agus breathnaím uaim amach: An domhan mór amuigh ina bhán. Báine na gcrann, báine na talún, báine na sléibhte. An uile ní ina bhán. Gach uile ní ach amháin an stráice dearg úd atá i bhfad amach uaim: Ní cuimhin liom é sin a fheiceáil cheana – é gar do bhun an tsléibhe. Leathchuma air go bhfuil gluaiseacht éigin faoi – cibé atá ann. Sea, go cinnte, tá gluaiseacht faoi, ceart go leor. Rud éicint á tharraingt, is cosúil…

Cromaim ar aghaidh, síním mo chloigeann amach trí oscailt na fuinneoige, fáiscim mo shúile agus breathnaím rud beag níos géire ar an stráice dearg úd: By daid, ná habair! San Nioclás féin! San Nioclás agus lánfhoireann de réinfhianna ag greadadh leo in aghaidh an tsléibhe. An croí ag rásaíocht i mo chliabhrach istigh. É ag pramsach San Nioclás. San Nioclás!

Agus, leis sin, amhail is go bhfuil gloine fhormhéadaithe agam le breathnú air san imeacht, casann San Nioclás a chloigeann agus breathnaíonn siar i mo threo. Tá sé míle slí uaim nó níos mó, b’fhéidir, ach tá a aghaidh mar a bheadh sí díreach os mo chomhair – luisne na deirge ina ghrua, meangadh croíúil ar a bhéal agus gile na féasóige air chomh bán leis an sneachta féin. Caochann sé leathshúil orm, ardaíonn a dheasóg agus croitheann an clog mór práise a bhfuil greim aige air.

Damhsaíonn an ghrian go glioscarnach i ngile na práise agus fógraítear cling cleaing clagarnach an chloig ina mhacalla i measc na sléibhte.                                                                   

“Céard é sin? Ceard é sin?” a bhéiceann mo dheartháir, é á tharraingt féin aníos caoldíreach sa leaba.                     

“Céard é féin?” arsa mise, mé ag cúlú ón bhfuinneog agus á dúnadh i mo dhiaidh.

“An torann sin – an clog.”

“Clog, a Phete! Níor chuala mise tada. Ag brionglóideach atá tú, ní foláir.”

“Sea, clog,” ar seisean. “Is cinnte gur chuala mé clog.”

Searradh na nguaillí a bhainim asam féin. Huth, clog! A leithéid de sheafóid! Ach, ar ndóigh, cá bhfios?  D’fhéadfadh sé go bhfuil Pete ceart, mar, nuair a chuimhním air, nach bhfuil sé dhá bhliain níos sine ná mé agus i bhfad Éireann ar a eolas aige ná mar atá agamsa. Casaim mo dhroim leis agus breathnaím arís i dtreo na fuinneoige. Agus leathann meangadh mór leathan ar mo bhéal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.