Shínigh Coimisiún na Meán meabhrán tuisceana (MT) an tseachtain seo le Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile. Niamh Hodnett, an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne i gCoimisiún na Meán, agus Julie Inman Grant, Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile, a shínigh an MT, a dheimhníonn go bhfuil sé de rún ag an dá eagraíocht obair lena chéile ar shábháilteacht ar líne.
Tá sé mar chuspóir ag an gcomhoibriú idir Coimisiún na Meán, rialtóir ar líne na hÉireann, agus a mhacasamhail san Astráil, saineolas a mhéadú i réimse an rialacháin dhigitigh agus na sábháilteachta ar líne trí eolas, sonraí, dea-chleachtas, modheolaíochtaí agus eolas faoi chórais agus uirlisí teicniúla a mhalartú.
Dúirt an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne, Niamh Hodnett, “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán a chinntiú ar féidir leis an bpobal muinín a bheith acu as, agus ina gcuirtear dualgais ar ardáin ar líne sábháilteacht agus slándáil úsáideoirí, go háirithe daoine óga, a chosaint. Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar le Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile ar réimsí faoinár sainchúram roinnte lena n-áirítear dea-chleachtais sábháilteachta ar líne a roinnt. Cabhróidh an meabhrán tuisceana seo linn obair i dtreo timpeallacht ar líne atá níos sábháilte agus níos dearfaí a chinntiú dár saoránaigh ar fad, agus tacóidh sé le comhoibriú rialála níos leithne chomh maith.”