Seolann Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, rogha foilseacháin nua leis an nGúm. 

Ag ócáid i gCeannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin sheol Jarlath Burns, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, 13 leabhar nua atá foilsithe ag an nGúm. 

I measc na leabhar a seoladh bhí:  

·         Leabhair don aos óg: Asailín Abú! le Pauline Devine agus Misneach i mBeithille le Gabrielle Ní Mheachair. Ba é an t-ealaíontóir Fergal O’Connor a mhaisigh an dá leabhar seo. Níl Éisc le Trust, aistriúchán ar cheann de mhórleabhair na bliana seo le Neil Sharpson, Don’t Trust Fish.

·         Foilseacháin bhunscoile agus Acmhainní Tacaíochta Bunscoile: Féach Thart: Eolaíocht – Rang 6 agus Atlas Bunscoile.Is í Máire Ní Ghallchobhair údar na sraithe Féach Thart agus is í a bhí ina heagarthóir comhairleach ar Atlas Bunscoile.

·         Sraith neamhfhicsin do pháistí bunscoile: Inis Seo Dom! Sraith de 5 leabhar neamhfhicsin dírithe ar pháistí bunscoile. Sna leabhair seo a d’aistrigh Pól Mac Fheilimidh cuirtear na fíricí os comhair an léitheora i bhfoirm ceisteanna agus freagraí. Spreagann na ceisteanna plé agus tá na freagraí scríofa go gonta soiléir sa tslí is go mbeidh siad oiriúnach do pháistí óga.

·         Saothair ficsin do léitheoirí neamhspleácha nó do dhaoine fásta. Eachtraí Saíd, aistriúchán le Róisín Sheehy ar an úrscéal Catalóinise L’aventura de Saïdle le Josep Lorman. Eagráin nua de na leabhair An Corpán sa Trunc agus Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh le Cathal Ó Sándair agus iad curtha in eagar ag Róisín Adams.

Agus na leabhair agus na háiseanna á seoladh aige, labhair an tUasal Burns faoi cé chomh tábhachtach is atá sé rogha leathan d’fhoilseacháin shuimiúla ardchaighdeáin a bheith ar fáil do dhaoine óga, idir leabhair scoile a spreagfadh agus a d’éascódh an fhoghlaim ar scoil nó sa bhaile, agus leabhair ficsin nó neamhfhicsin a thabharfadh an páiste ar aistear léitheoireachta. Dúirt an tUasal Burns go léiríonn an rogha leabhar a seoladh anocht leithead agus fairsinge na réimsí agus na seánraí a mbíonn an Gúm ag plé leo. Thréaslaigh sé na foilseacháin nua seo leis an nGúm agus rinne sé comhghairdeas leis na húdair, na haistritheoirí agus na healaíontóirí go léir a raibh baint acu leis na leabhair. 

Labhair an tOllamh Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, ag an ócáid chomh maith. Thagair sí don stair fhada atá ag an nGúm agus don réimse leathan seánraí a mbíonn siad ag plé leo. Beidh an Gúm 100 bliain ar an bhfód in 2026 agus luaigh an Cathaoirleach cuid de na pleananna atá ann chun é sin a chomóradh, ina measc sin comhdháil, ócáidí do pháistí sna leabharlanna agus comórtais liteartha. Chomh maith leis sin labhair an Cathaoirleach faoi chuid den obair eile atá ar siúl ag an nGúm, lena n-áirítear, téacsleabhair iar-bhunscoile agus athbhreithniú ar an gcúrsa comhtháite Gaeilge do Ghaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta Séideán Sí, comhthionscadal tábhachtach atá á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.