Tá Ealaín na Gaeltachta, i gcomhpháirt le Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC), an-sásta a fhógairt go bhfuil scoláireachtaí le bronnadh ar thriúr amhránaithe Gaeltachta chun freastal ar chomhdháil idirnáisiúnta amhránaíochta NASC i nDún Éideann i mí an Mhárta, 2026.
Is iad Órla Ní Fhinneadha, Cathal Ó Curráin agus Ellen De Búrca an triúr a roghnaíodh. Tabharfaidh siad léargas ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na n-ealaíon béil in Éirinn, agus iad ag canadh i stíleanna amhránaíochta Chonamara, Thír Chonaill agus Mhúscraí.
Is as an gCloich Mhóir i nGaeltacht Chonamara í Órla Ní Fhinneadha. Ceapadh i mbliana í mar Amhránaí Cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe agus tá mórán duaiseanna Oireachtais bainte amach aici, ina measc an chéad áit i gCorn na mBan in 2024 agus an tríú háit i gCorn Uí Riada in 2016.