Sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cormac McCarthy (piano), Dan Bodwell (olldord), Aoife Ní Bhriain (fidil), Stephanie Keane (damhsóir) agus Mick O’Brien (píb uilleann) – Bóthar na Smaointe, Lá Nollag 6pm.
Grianghraf: Simon Boyle

Beidh sceideal lán le ceol, siamsaíocht, drámaíocht, craoltaí beo agus a lán eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn shéasúr na Nollag.

Craolfar Bóthar na Smaointe, mórshaothar nua ceoil a thugann léargas ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan ar Lá Nollag ag 6 pm. Bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo ar Aoife i mbliana, coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon, nach maireann.

Tá scoth na gceoltóirí páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc Aoife Ní Bhriain (fidil), Cormac McCarthy (pianó), Mick O’Brien (píb uilleann), Dan Bodwell (olldord) agus Stephanie Keane (damhsóir). Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon, ar Aoife le linn a hóige agus í in éineacht lena hathair Mick O’Brien, ar chleachtaithe do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin agus The Famine Suite, i measc go leor eile. Tá an scil agus cumas cruthaitheachta atá bainte amach ag Aoife le brath go láidir sa saothar nua seo.

Cuirfear gearrscéal ficseanúil Shéamuis Uí Ghrianna Faoi na Fóide is Mé Sínte, a foilsíodh in 1926, in oiriúint don raidió den chéad uair riamh sa dráma nua Faoi na Fóide, a chraolfar ar Lá Nollag ag 5 pm. Beidh baill d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair, chomh maith le haisteoirí eile, sa dráma. Roimhe sin beidh Siosmaid na Nollag, clár speisialta ó Nollaig 1986, le cloisteáil ag 3 pm in ómós don chraoltóir Aogán Ó Muircheartaigh, a cailleadh níos luaithe i mbliana.

Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ar na haerthonnta le linn thréimhse na Nollag. Ar Lá Nollag craolfar Thar Táirseach an Stábla, seirbhís carúl pharóiste an Spidéil ag 4 pm. Beidh plúr na gceoltóirí le cloisteáil ar RnaG50 – Óstán Chois Fharraige ag 8 pm ón oíche mhór cheiliúrtha a bhí mar chuid de chomóradh leathchéad bliain RTÉ RnaG in 2022.

Ar Oíche Nollag, an 24 Nollaig, beidh féasta ceoil álainn de sheancharúil agus amhráin Nollag nua ag Tristan Rosenstock dúinn ar Ceol na Nollag ag 5.05 pm. Casfaidh Cian Ó Ciobháin rogha éagsúil d’amhráin na Nollag ar An Taobh Tuathail ag 10 pm, chomh maith le hamhráin a chuireann an tráth seo den bhliain i gcuimhne dó.


Ar Lá Fhéile Stiofáin beidh meascán deas ceoil le clos ar Poirtíní Ceoil le Caoimhín Ó Sé ag 8 pm, agus ar Beo idir dhá Nollaig le Pádraig Ó Braonáin ag 9 pm. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin léargas ar stair ceann de thithe móra Dhún na nGall atá beagnach 200 bliain d’aois sa chlár Teach Dhún Lúiche ag 11 am.

Craolfar An Nollaig i Ráth Chairn ag 5.05 pm. Is clár cartlainne é seo ón mbliain 2004, curtha i láthair ag Máirtín Davy, ina ndéanann ceoltóirí agus muintir na háite i Ráth Chairn cur síos ar conas mar a chaití an Nollaig sa ceantar Gaeltachta seo. Tá sé tráthúil go bhfuil pobal Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh clúdach ar imeachtaí spóirt an lae againn ar Spórt Lá ‘le Stiofáin ag 2.30 pm.

Beidh an clár Ómós do Johnny Connolly, ceolchoirm speisialta i gcuimhne ar an sárbhoscadóir Johnny Phadraic Phíotair, a bhásaigh cothrom an lae inniu in 2019, le cloisteáil ag 7 pm

Ar an 27 Nollaig déanfar plé ar na cáipéisí stáit ón mbliain 1995 agus 2005 i dTuaisceart Éireann ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra. Tabharfaidh Treasa Bhreathnach léargas ar Oileán Fhínse amach ó Charna i gConamara, oileán ar fhág an duine deiridh é i dtús na na n-ochtóidí, sa chlár Oileánach ag 5.05 pm. Cloisfimid ó na húdair a thug leo na duaiseanna móra ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i mbliana ar An Tolg Liteartha le Tristan Rosenstock ar an 28 Nollaig ag 10 am.


Beidh blaiseadh beag den fhéile Dorn San Aer 2025 le cloisteáil ar an 29 Nollaig ag 11 am in ómós don laoch craoltóireachta Rónán Mac Aodha Bhuí atá ar shlí na fírinne, agus cloisfear píosaí ceoil ó chomórtas Cath na mBannaí na bliana seo. Tabharfaimid súil siar ar an mbliain 1973 leis na cláracha cartlainne Nollaig, Ceol agus Amhráin le Séamus Ennis ag 2 pm agus An Nollaig in Inis Meáin, ina ndéanann an t-aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta cur síos ar an Nollaig in Inis Meáin mar a bhí sna blianta atá caite ag 2.30 pm.

Ar an 30 Nollaig déanfaidh Joe Ó Muircheartaigh cur síos ar conas a cuireadh an síol don spéis ollmhór atá sa chluiche caide i gContae Chiarraí ar An Síol a Cuireadh Tar Éis Cogaidh ag 12 meán lae. Ina dhiaidh sin beidh féasta ceoil ó Shráid na Cathrach le Siobhán Peoples, John Kelly, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule, Johnny Óg Connolly agus John Blake agus a lán eile ar Ceiliúradh Scoil Cheoil Willie Clancy 2025 ag 3 pm


Oíche na Seanbhliana is iad Jo Ní Chéide agus Bairbre Uí Choisdealbha a thabharfaidh ceiliúradh ceoil dúinn agus iad ag fágáil slán leis an tseanbhliain agus ag cur fáilte roimh 2026. Beidh Slán le 2025 le cloisteáil ó 10 pm ar an 31 Nollaig.

I measc na gclár speisialta eile a chraolfar beidh Snáithíní Solais, gearrscéal a scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde don tsraith Spoken Stories a craoladh ar RTÉ Radio 1 faoi théama an neamhspleáchais, céad bliain tar éis Chogadh na Saoirse in Éirinn. Craolfar é seo ar an 22 Nollaig.

Craolfar Cré le Colm Ó Ceallacháin ón tsraith chéanna ar an 5 Eanáir, agus Scoilteanna le Colm Ó Snodaigh ar an 12 Eanáir. Beidh dhá eagrán eile de Beo Idir Dhá Nollaig, le ceol agus craic le Damien Ó Dónaill ó stiúideo Dhoirí Beaga ar an 29 Nollaig, agus as Casla ar an 30 Nollaig le Treasa Bhreathnach.

Ar an 30 Nollaig sa chlár An Asgard agus Éigse Uladh 2025, déanann Uinseann Ó Breisleáin cur síos ar stair an Asgard agus an ceangal a bhí aici le hoileán Ghabhla ar an 30 Nollaig. Ar an 31 Nollaig tabharfaidh Bríd Rogers, iar-leas-cheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, léargas ar an méid a rinne sí ar son na síochána. Beidh 40 Bliain de Raidió Fáilte, ceiliúradh ar dhá scór bliain de raidió phobal Gaeilge i mBéal Feirste, le cloisteáil ar an 1 Eanáir ag 11 am. Caithfidh Pé Scéal É súil siar ar na hagallaimh agus na seisiúin cheoil is fearr a bhí acu le linn na bliana ar an 31 Nollaig agus ar an 2 Eanáir ag 3 pm.


Sceideal na Nollag

Oíche Nollag, an 24 Nollaig

Ceol na Nollag

Tabhair cluas do chuid de mhór amhráin Nollag i gcuideachta Tristan Rosenstock. Beidh meascán álainn againn de sheancharúil agus amhráin Nollag nua, rogha ceoil a thaitneoidh leis an teaghlach ar fad.

Dé Céadaoin, an 24 Nollaig, 5.05 pm

An Taobh Tuathail

Bí le Cian Ó Cíobháin anocht d’eagrán speisialta na Nollag. Beidh sé ag casadh rogha éagsúil d’amhráin na Nollag, chomh maith le hamhráin a chuireann an tráth seo den bhliain i gcuimhne dó. Beidh na cloigíní á mbualadh aige óna deich a chlog ar aghaidh.

Dé Céadaoin, an 24 Nollaig,10 pm.

Lá Nollag, an 25ú Nollaig

Faoi na Fóide

Bhí áit faoi leith ariamh ag Cogadh na Talún i stair agus i mbéaloideas Dhún na nGall. I measc na n-eachtraí móra a tharla lena linn bhí marú an Chigire Martin os comhair theach pobail Dhoirí Beaga agus é ag iarraidh an sagart áitiúil, an Canónach Séamus Mac Pháidín, a ghabháil. Scéal é a raibh tionchar mór aige go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Spreag an eachtra scríbhneoirí agus ealaíontóirí áitiúla freisin.

Sa saothar nua drámaíochta seo cuirfear gearrscéal ficseanúil Shéamuis Uí Ghrianna, Faoi na Fóide is Mé Sínte, a foilsíodh in 1926, in oiriúint don raidió den chéad uair riamh. Beidh baill d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair, chomh maith le haisteoirí eile as Gaoth Dobhair agus na Rosa, ag aisteoireacht sa dráma. Léiriú de chuid Mhacha Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Déardaoin, an 25 Nollaig, 5 pm

Bóthar na Smaointe

Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a thugann léargas uathúil ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan, sna seánraí ceoil seo. Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon, ar Aoife le linn a hóige agus í in éineacht lena hathair Mick O’Brien, ar chleachtaithe do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin agus The Famine Suite, i measc go leor eile. Tá sé tráthúil gur ar Aoife a bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo i mbliana, coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon nach maireann. Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (fidil), Cormac McCarthy (pianó), Mick O’Brien (bíb uilleann), Dan Bodwell (olldord) agus Stephanie Keane (damhsóir). Is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é Bóthar na Smaointe do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Déardaoin, an 25 Nollaig, 6 pm

Alan Titley, Scéalta na Nollag agus Ceol

Léann an scríbhneoir iomráiteach Alan Titley óna shaothar Scéalta Nollag, leabhar a ainmníodh le haghaidh Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin na Bliana.

Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla na scéalta sin, agus pléifidh Titley le Tristan Rosenstock iad sa chlár seo.

Déardaoin, an 25 Nollaig, 7.30 pm, Dé hAoine, an 26 Nollaig

Teach Dhún Lúiche

Sa chlár seo díríonn Áine Ní Bhreisleáin ar stair ceann de ‘thithe móra’ Dhún na nGall, Teach Dhún Lúiche in iarthar Dhún na nGall, eastát a bunaíodh chóir a bheith 200 bliain ó shin. Bhí an teach i seilbh úinéirí éagsúla, ina measc uasaicme Shasana agus milliúnaí as Meiriceá, agus inniu is le muintir Guinness an t-eastát. Labhair feighlí an tí, Pat Ó Dónaill, an tríú glúin dá theaghlach le post a bheith aige ann, agus iar-oibrí eile, Josephine Uí Cheallaigh, le hÁine faoina gcuimhní féin ar Theach an Dúin agus stair an eastáit.

Beidh míreanna cartlainne le cluinstin fosta ó chuid de bhunadh Dhún Lúiche a bhí ag obair sa teach san am a chuaigh thart. Bhéarfaidh an clár seo ar thuras muid ó 1829 go dtí an lá atá inniu ann le stair Theach Dhún Lúiche agus pobal an cheantair a inse.

Dé hAoine, an 26 Nollaig, 11 am, Poirtíní Ceoil

Clár ceoil le Caoimhín Ó Sé. Beidh meascán deas ceoil le clos agus ómós don dreoilín ar Lá ‘le Stiofáin á thaispeáint. Cloisfear píosa ceoil ó Dhreoilín Shráid Eoin as Daingean Uí Chúis.

Dé hAoine, an 26 Nollaig, 8 am

Beo idir Dhá Nollaig

Clár ceoil á chur i láthair beo ó stiúideo Dhoirí Beaga ag Pádraig Ó Braonáin.

Dé hAoine, an 26 Nollaig, 9 am

An Nollaig i Ráth Chairn

I nGleann na Bóinne, idir Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí i gContae na Mí, a mhaireann Pobal Ráth Chairn. Bunaíodh an pobal Gaeltachta seo 90 bliain ó shin in 1935 nuair a d’aistrigh daoine as Conamara soir ann agus iad ag cuardach saol níos fearr dóibh féin. Clár speisialta le ceoltóirí agus fonnadóirí ina ndéanann muintir Ráth Chairn cur síos do Mháirtin ar conas mar a chaitear agus a chaití an Nollaig i Ráth Chairn. Craoladh an clár seo cheana in 2004.

Dé hAoine, 26 Nollaig, 5.05 pm

Dé Sathairn, an 27 Nollaig

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Clár seachtainiúil, a ríomhfaidh scéalta na seachtaine: nuacht, polaitíocht, cúrsaí reatha go háitiúil, go náisiúnta agus ar fud na cruinne, le Máirín Ní Ghadhra. Ar chlár an lae inniu beidh Máirín ag plé na gcáipéisí Stáit a bhain le tríocha bliain ó shin agus 20 bliain ó shin i gcás Thuaisceart na hÉireann, mar go n-eisíonn rialtas na Breataine cáipéisí ó fhiche bliain ó shin. Is iad na blianta 1995 agus 2005 a bheidh i gceist i mbliana.

Dé Sathairn, an 27 Nollaig, 11 am

Oileánach

Tá oileáin scaipthe ar fud chósta Chonamara, oileáin a mbíodh cónaí orthu uair amháin ach atá anois tréigthe ar chúis amháin nó ar chúis eile. Sa tsraith seo tabharfaidh Treasa Bhreathnach sciuird ar na hoileáin seo agus tabharfar roinnt de scéalta na n-oileánach chun cuimhne chomh maith le scéal reatha na n-oileán. Faighimid léargas sa chlár seo ar an Oileán Fhínse amach ó Charna i gConamara, oileán a d’fhág an duine deiridh é i dtús na hochtóidí. Is iad Marcus Ó hIarnáin agus Mary Simon Uí Iarnáin atá mar threoraithe aici ar an oileán agus cuireann siad síos di faoin togra atá ar bun acu agus iad ag iarraidh seanteach a muintire a athchóiriú.

Dé Sathairn, an 27 Nollaig, 5.05 pm

Clár Omós do Johnny Connolly

Clár omóis ceoil é seo do Johnny Phadraic Phíotair (Johnny Connolly) a bhásaigh cothrom an lae inniu in 2019.

Dé Sathairn, an 27 Nollaig, 7 pm

An Tolg Liteartha

Cloisimid ó na húdair a thug leo na duaiseanna móra ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i mbliana. I dteannta Tristan ar an Tolg i mbliana beidh na scríbhneoirí Darach Ó Scolaí agus Antain Mac Lochlainn, agus na scoláirí Liam Mac Amhlaigh agus Eilís Everard.

Dé Domhnaigh, an 28 Nollaig, 10 am

Aifreann an Domhnaigh

Aifreann an Domhnaigh ó Shéipéal Naomh Eoin, i dTrá Lí, Co. Chiarraí.

Dé Domhnaigh, an 28 Nollaig, 11 am

Oileánach

Tá oileáin scaipthe ar fud chósta Chonamara, oileáin a mbíodh cónaí orthu uair amháin ach atá anois tréigthe ar chúis amháin nó ar chúis eile. Sa tsraith seo, tabharfaidh Treasa Bhreathnach sciuird ar na hoileáin seo agus tabharfar roinnt de scéalta na n-oileánach chun cuimhne chomh maith le scéal reatha na n-oileán. Bhíodh cónaí i gceithre theach ar an Oileán Iarthach i gCeantar na n-Oileán uair amháin. Faigheann Treasa Bhreathnach an deis an t-oileán a shiúil in éindí leis na colceathracha Micheál Ó Cadhain agus Joe Curran as Cill Chiaráin, ar as an oileán a seanathair.

Dé Domhnaigh, an 28 Nollaig, 5.05 pm

Beo idir Dhá Nollaig

Clár ceoil á chur i láthair beo ó stiúideo Dhoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill.

Dé Luain, an 29 Nollaig, 9.00 am

Dorn San Aer 2025

Bhí sluaite as gach cearn i nGaoth Dobhair don fhéile Dorn San Aer 2025 i gcuimhne ar an iar laoch craoltóireachta de chuid RTÉ RnaG Rónán Mac Aodha Bhuí. Beidh blaiseadh sa chlár seo ó oscailt oifigiúil na féile agus go leor píosaí ceoil ó chomórtas Cath na mBannaí a bhí mar pháirt den fhéile.

Dé Luain, an 29 Nollaig, 11 am

Nollaig, Ceol agus Amhráin le Séamus Ennis

Clár cheol agus amhráin Nollag le Séamus Ennis. Craoladh an clár seo den chéad uair Lá Nollaig 1973.

Dé Luain, an 29 Nollaig, 2 pm

An Nollaig in Inis Meáin

Sa chlár seo déanann an t-aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta cur síos ar an Nollaig in Inis Meáin mar a bhí sna blianta atá caite. Craoladh an clár seo den chéad uair Lá Fhéile Stiofáin 1973.

Dé Luain, an 29 Nollaig, 2.30 pm

Oileánach

Tá Daighinis suite amach ó chósta Fhoirnise i gCeantar na nOileán. Sa chlár seo tugann Michael Phat Phadda, fear a rugadh ar an oileán, turas do Threasa Bhreathnach den oileán agus insíonn sé di faoin gcaoi a raibh siad ar an gcéad oileán i gConamara le leictreachas a fháil. Cloisimid na scéalta faoi shaol an oileáin ó Thomás Ó Lochnáin, fear a fuair mianach ar an oileán agus é óg, agus ó Thomás Mac Donnacha, beirt a tógadh ar an oileán go dtí go raibh siad sna déaga de bhlianta.

Dé Luain, an 29 Nollaig, 5.05 pm

An Asgard agus Éigse Uladh 2025

Rinneadh plé ar stair Ghabhla ag Éigse Uladh i nGaoth Dobhair i Márta 2025. Le linn na hÉigse rinne an staraí Uinseann Ó Breisleáin cur síos ar stair an Asgard agus an ceangal le hOileán Ghabhla. Cloisfear píosaí ó chartlann chomh maith agus Asgard ar cuairt ar Ghabhla agus leac chuimhneacháin a nochtú ar an oileán i gcuimhne ar bheirt ón oileán a bhí ar an Asgard nuair a tugadh gunnaí i dtír i mBinn Éadair sa bhliain 1914.

Dé Máirt, an 30 Nollaig, 11 am

An Síol a Cuireadh Tar Éis Cogaidh

Ós cionn céad bliain ó shin bhuaigh Ciarraí an chéad cheann de thrí cinn de chraobhacha uile-Éireann a bhuadar sna 1920í. Meastar gurb í craobh na bliana 1924, a himríodh in Aibreán na bliana 1925, an chraobh ba thábhachtaí i stair na caide sa Ríocht toisc gur chuir sé tús leis an gcneasú a bhí riachtanach tar éis Chogadh na gCarad sa chontae. Faightear éachtaint sa chlár seo le Joe Ó Muircheartaigh ar mar a cuireadh an síol don spéis dhiamhair atá sa chluiche i gContae Chiarraí.

Dé Máirt, an 30 Nollaig, 12 meán lae

Ceiliúradh Scoil Cheoil Willie Clancy 2025

Craoladh an clár seo beo ó Shráid na Cathrach i mí Iúil, áit a raibh Scoil Samhraidh Willie Clancy ar siúl. Páirteach sa chlár tá Siobhán Peoples agus John Kelly, Lilly agus Eve O’Connor, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill agus Dáithí Sproule, Kieran, Bríd agus Caitríona Killeen, Colm Broderick agus Niamh Dalton, Matt Cranitch agus Jackie Daly, Domhnall Ó Braonáin, Johnny Óg Connolly agus John Blake, Conor McDonagh, Andrew Caden agus Ryan Sheridan, Sorcha Ní Scolaí, Méabh Ní Chonaill agus Ronan Hussey, Charlie Harris, Eamon agus Geraldine Cotter.

Dé Máirt, an 30 Nollaig, 3 pm

Bríd Rogers

Bhí ócaid mhór i halla na cathrach i nDoire níos luaithe i mbliana, nuair a thug Fondúireacht John agus Pat Hume aitheantas do Bhríd Rodgers, iar-leas-cheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, agus iar-Aire Talmhaíochta sna sé contae, as a ndearna sí ar son na síochána sna sé contae ar an lá a raibh sí ag ceiliúradh ceithre scór go leith bliain d’aois. Sa chlár seo, atá curtha le chéile ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh, éisteoimid le go leor píosaí ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ról a bhí ag Bríd Rodgers i gcúrsaí polaitíochta na sé contae agus beidh agallamh léi ag an ócáid i halla na cathrach i nDoire le gairid.

Dé Céadaoin, an 31 Nollaig, 11 am

Pé Scéal É

Bíonn Pé Scéal É ar an aer gach Aoine ó 3 go 5 i gcaitheamh na bliana agus bíonn meascán iontach de cheol beo agus d’aíonna spleodracha ar an gclár agus bíonn craic den scoth ann chuile sheachtain. Sa gclár seo tabharfar deis in athuair éisteacht le roinnt de na hagallaimh agus seisiúin cheoil a bhí againn le linn na bliana. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus á léiriú ag Treasa Bhreathnach.

Dé Céadaoin, an 31 Nollaig, 3 pm

Aistí ón Aer

Sraith ina gcloisfear aistí nuascríofa ag réimse leathan scríbhneoirí ar iliomad ábhar. Le clos i gclár na seachtaine seo beidh píosaí le Billy Lynch, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Úna Nic Cárthaigh, agus Aindriú de Paor.

Dé Céadaoin, an 31 Nollaig, 5 pm

Slán le 2025

Rogha bhreá cheoil agus muid ag fágáil slán le 2025 le fáilte a chur roimh an mbliain nua á chur i láthair beo ag Jo Ní Chéide agus Bairbre Uí Choisdealbha.

Dé Céadaoin, an 31 Nollaig, 10 pm.

40 Bliain de Raidió Fáilte

Raidió Fáilte agus 40 bliain de Stair Raidió Pobal Gaeilge i mBéal Feirste

Déardaoin, an 1 Eanáir, 11 pm

Beo ón gCuan

Sraith ceolchoirmeacha taifeadta beo i Stiúideo Cuan le plúr na ngrúpaí traidisiúnta. Inniu, cloisfimid ceolchoirm le IMLÉ. Léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán.

Déardaoin, an 1 Eanáir, 7 pm

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.