Rap Croíúil Nollag ó Ghaelscoil Pheig Sayers

Thug Rang 5 agus Rang 6 i nGaelscoil Pheig Sayers i dtuaisceart Chathair Corcaigh faoi thionscadal speisialta na Nollag i mbliana – rap úrnua, spreagúil agus lán fuinnimh atá dírithe ar gach páiste atá i gcruachás faoi láthair. Is ceolchlár croíúil é seo atá le feiceáil ar Foghlaim TG4, agus tháinig sé chun cinn le tacaíocht ó GMC Beats, chomh maith le mic léinn ó Bharr na gCnoc (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) Gaeilge labhartha Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ní hamháin gur léiriú ceoil é, ach is teachtaireacht láidir comhbhá agus cairdis é, agus páistí na scoile ag guí síocháin, grá agus ar tacaíocht do gach duine i rith an tséasúir.

Tugadh buíochas speisialta d’fhoireann uile na scoile, an príomhoide Adrian, na múinteoirí Séamus agus Emer, na tuismitheoirí, agus feighlí na scoile Micheál, as an gcúnamh thar na bearta i rith an léiriúcháin. Bhí foireann chruthaitheach láidir taobh thiar den tionscadal freisin, an stiúrthóir GMC Beats, an léiritheoir Súgradh Teo, taifead agus eagair le Kreated by Naty, grádú le Éamonn J McManus, cóiréagrafaíocht ó Bboy.cian, agus ceol ó Noware Beats.

Cuireadh an ceol in eagar agus meascadh é in The Kabin Studio, le Lauren Grace agus Aoife Lynn Imray mar chúntóirí léirithe.

Is fíorshampla é seo den chumhacht atá ag an nGaeilge, ag an gceol agus ag an óige le misneach agus dóchas a scaipeadh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.