Os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag an Aire Calleary don tionscadal ABAIR, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, os cionn €2 milliún, thar thréimhse cúig bliana, don tionscadal Abair sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra san Ollscoil. Tá Abair dírithe ar réimse teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna teanga a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.

Cuireann suíomh gréasáin abair.ie áiseanna oideachais ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Baintear úsáid as guthanna Abair agus acmhainní teangeolaíochta do shealbhú scileanna labhartha, scríofa, éisteachta agus léitheoireachta.

Thréaslaigh an tAire Calleary le foireann na Saotharlainne Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Trionóide as an obair thionscantach atá idir lamha acu, agus dúirt sé, “Tá teicneolaíocht agus acmhainní teanga Gaeilge ríthábhachtach lena chinntiú go mbainfidh an teanga tairbhe as an bhféidearthacht a chruthaíonn na teicneolaíochtaí do dhaoine agus iad ag iarraidh an teanga a úsáid agus a fhoghlaim i ngach réimse dá saol. Tá tábhacht faoi leith leis na bunchórais urlabhra agus teanga atá á bhforbairt ag ABAIR, a chuirfidh ar ár gcumas seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, in earnáil an oideachais, agus in earnáil na hinrochtaineachta”

Ag labhairt di faoin maoiniú nua d’Abair, dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, an tOllamh Linda Doyle, “Is iontach an fógra seo maidir le maoiniú don tionscnamh Abair IV ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a fheiceáil.

“Tugann an maoiniú seo aitheantas don obair thábhachtach agus cheannródaíoch atá ar bun ag foireann taighde Abair chun teicneolaíochtaí IS den chéad scoth a fhorbairt don Ghaeilge. Trí theicneolaíocht agus teangeolaíocht na Gaeilge a chumasc, tá an fhoireann idirdhisciplíneach seo ag táirgeadh teicneolaíochtaí ardleibhéil atá dílis do struchtúr na teanga, do na canúintí dúchais agus do riachtanais ilghnéitheacha úsáideoirí deiridh.”

Le blianta beaga anuas tá forbairt déanta ag foireann Abair ar áiseanna do dhaoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, leithéid Geabaire, córas cumarsáide AAC (le haschur cainte) dóibh siúd gan urlabhra, atá faoi láthair á thástáil le páistí uathacha; agus léitheoir gréasáin dóibh siúd atá gan radharc.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.