Níl ach 18.19% de pháistí sa Ghaeltacht á dtógáil le Gaeilge – géarchéim ghlúine le sonrú

Cóilín Duffy

Níl ach 18.19% de pháistí agus daoine óga idir 3 agus 18 mbliana d’aois sa Ghaeltacht ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, de réir torthaí nua atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa tuarascáil Daonáireamh 2016–2022: Teaghlaigh, Páistí agus Daoine Óga sa Ghaeltacht

Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil meath seasta ar úsáid na Gaeilge i measc na glúine óige, in ainneoin fás daonra sa Ghaeltacht féin.

Tugann an taighde, atá bunaithe ar shonraí eisiacha ón bPríomh-Oifig Staidrimh, le fios gur thit céatadán na bpáistí a labhraíonn Gaeilge go laethúil ó 18.87% in 2016 go 18.19% in 2022. Níos measa fós, léirítear gur laghdaigh an céatadán de pháistí a dúirt go raibh Gaeilge acu ar chor ar bith ó 80.34% go 76.52% le sé bliana.

Maidir le teaghlaigh, glacadh leis sa taighde gur teaghlach atá ag tógáil a chlainne le Gaeilge é teaghlach ina bhfuil ar a laghad duine fásta amháin agus páiste amháin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. De réir na modheolaíochta sin, níl anois ach 15.18% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ina leithéid de theaghlaigh, i gcomparáid le 15.83% in 2016. Cé gur titim bheag atá i gceist, is bunús an-leochaileach é sin do thodhchaí na teanga.

Léirítear i bhfigiúirí na limistéar pleanála teanga gur i dtrí limistéar go díreach, Oileáin Árann, Ceantar na nOileán agus an Cheathrú Rua, atá os cionn leath de na teaghlaigh ag tógáil a gclainne le Gaeilge. I gcás leath de na 26 limistéar, tá níos lú ná 10% den phobal teaghlaigh ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sa bhaile.

Deir Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, go bhfuil meascán d’ábhar dóchais agus d’ábhar imní sna torthaí, ag rá, “Is misniúil an tseasmhacht áirithe atá sa phatrún, ach is íseal na céatadáin fós agus is bagairt mhór é sin ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail,” a dúirt sí.

Tá cáineadh láidir á dhéanamh, áfach, ar easpa treo agus straitéise ó thaobh an stáit de. Tugtar le fios go raibh Scéim Labhairt na Gaeilge curtha ar ceal ag an Roinn Gaeltachta, scéim a bhí dírithe ar theaghlaigh a spreagadh an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga thí. Ina theannta sin, tá an Polasaí um Oideachas Gaeltachta imithe in éag, agus níl aon phlean nua fógartha go fóill, ná aon athbhreithniú córasach foilsithe ar éifeacht an tseanchórais.

Cé gur bunaíodh Cúla4 mar ardán tábhachtach do pháistí óga, tá sé á áitiú ag gníomhaithe nach leor cur chuige meán-bhunaithe amháin gan infheistíocht dhíreach sa teaghlach mar aonad tarchuir teanga.

Leis an meath leanúnach atá le sonrú i measc páistí, is léir anois go bhfuil dúshlán struchtúrach romhainn. Mura gcuirtear beartas láidir, comhtháite agus fadtéarmach i bhfeidhm chun tacú le teaghlaigh, d’fhéadfadh an Ghaeilge leanúint ar aghaidh ag cúlú mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht féin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.