Mír ghramadaí: An aimsir fháistineach – An dara réimniú – briathra a bhfuil dhá shiolla iontu

Domhnall Mac Concharraige

An tseachtain seo caite bhíomar ag foghlaim faoin gcéad réimniú den aimsir fháistineach. An seachtain seo táimid ag breathnú ar an dara réimniú, briathra a bhfuil dhá shiolla iontu.
Úsáidtear an aimsir fháistineach chun tagairt do rudaí amach anseo, amárach, an tseachtain seo chugainn, an mhí seo chugainn agus mar sin de. Arís, tá na rialacha a ghabhann leis an aimsir fháistineach le feiceáil thíos. Scrúdaigh na rialacha agus freagair na ceisteanna ina ndiaidh.

Rialacha

An fhoirm cheisteach

  • Cuireann an mhír cheisteach urú ar chonsan: an bhfágfaidh?
  • Ní dhéanann an mhír cheisteach tada le gutaí: an osclóidh?

An fhoirm dhiúltach

  • Cuireann an mhír dhiúltach séimhiú ar chonsan: ní chuirfidh.
  • Ní dhéanann an mhír dhiúltach tada le gutaí: an osclóidh.

Arís tá deiridh difriúla ag brath ar an gconsan deiridh de fhréamh an bhriathair a bheith caol nó leathan. Chun an fréamh a aimsiú, caithfear an chuid deiridh den bhriathar a bhaint: tosaigh, tosaigh, tósóidh

Féach ar na briathra seo thíos.

Briathar CaolBriathar Leathan
ÉirighCeannaigh
Éireoidh méCeannóidh mé
Éireoidh túCeannóidh tú
Éireoidh sé/síCeannóidh sé/sí
ÉireoimidCeannóimid
Éireoidh sibhCeannóidh sibh
Éireoidh siadCeannóidh siad

Cuir na briathra idir lúibín san aimsir fháistineach.

  1. (Ceannaigh) muid teach nua an bhliain seo chugainn.
  2. An (dúisigh) sibh go luath maidin amárach?
  3. (Oibrigh) mé go déanach anocht mar tá go leor oibre le déanamh.
  4. Ní (críochnaigh) an cruinniú in am anocht.
  5. Ní (dúisigh) sí go moch maidin amárach.
  6. (Éirigh) sé dorcha níos luaithe.
  7. (Tosaigh) an cluiche ag a dó Dé Sathairn.
  8. An (imigh) tú abhaile Dé Céadaoin?
  9. An (ceannaigh) tú gúna nua ag an margadh?
  10. Ní (deisigh) mé an carr, tá an damáiste ro-dhona.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.