An tseachtain seo caite d’fhéachamar ar aimsir chaite na mbriathra neamhrialta. An tseachtain seo táimid ag breathnú ar aimsir láithreach na mbriathra neamhrialta.
Is iad na briathra neamhrialta abair, beir, bí, clois/cluin, déan, ith, faigh, feic, tabhair, tar, téigh.
Féach ar na rialacha thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Abair – deirim, deir tú/sé/sí, deirimid, deir sibh/siad; An ndeir? Ní deirim, ní deir, ní deirimid.
Beir – beirim, beireann tú sé/sí, beirimid, beireann /sibh/siad; An mbeireann? Ní bheirim, ní bheireann, ní bheirimid.
Bí – táim, tá tú/sé/sí, táimid, tá sibh/siad. An bhfuil? Nílim, níl, nílimid
Clois – cloisim, cloiseann tú/sé/sí/, cloisimid, cloiseann sibh/siad. An gcloiseann? Ní chloisim, ní chloiseann, ní chloisimid.
Cluin – cluinim, cluineann tú/sé/sí, cluinimid, cluineann sibh/siad. An gcluineann? Ní chluinim, ní chluinim, ní chluinimid.
Déan – déanaim, déanann tú/sé/sí, déanaimid, déanann sibh/siad. An ndéanann? Ní dhéanaim, ní dhéanann, ní dhéanaimid.
Faigh – faighim, faigheann tú/sé/sí/, faighimid, faigheann sibh/siad. An bhfaigheann? Ní fhaighim, ní fhaigheann, ní fhaighimid.
Feic – feicim, feiceann tú/sé/sí, feicimid, feiceann sibh/siad. An bhfeiceann? Ní fheicim, ní fheiceann, ní fheicimid.
Tabhair – tugaim, tugann tú/sé/sí, tugaimid, tugann sibh/siad. An dtugann? Ní thugaim, ní thugann, ní thugaimid.
Tar – tagaim, tagann tú/sé/sí, tagaimid, tagann sibh/siad. An dtagann? Ní thagaim, ní thagann, ní thagaimid.
Téigh – téim, téann tú/sé/sí, téimid, téann sibh/siad. An dtéann? Ní théim, ní théann, ní théimid.
Cuir na briathra san aimsir láithreach sna habairtí seo:
- (Abair) mé leis i gcónaí dul chuig an traenáil.
- Ní (feic) muid na héin san oíche.
- (Tar) mé abhaile go déanach gach oíche.
- An (téigh) tú chuig an dioscó go minic?
- An (beir) se gréim ar an liathróid am ar bith?
- Ní (bí) mé abálta dul ar scoil inniu.
- An (faigh) muid obair bhaile gach lá?
- An (déan) tú do chuid obair bhaile sa leabharlann?
- (Tabhair) mé cuairt ar theach mo mhamó gach Satharn.