Mír ghramadaí: Aimsir chaite na mbriathra neamhrialta

Domhnall Mac Concharraige

Anois agus na briathra rialta déanta againn san aimsir láithreach, an aimsir chaite agus an aimsir fháistineach, an tseachtain seo tugaimid aghaidh ar na briathra neamhrialta.

Is éard ata i gceist leis na briathra neamhrialta na briathra nach leanann na gnáthrialacha. Ta an t-ádh linn sa Ghaeilge mar níl ach 11 bhriathra neamhrialta ann. Tá na céadta i dteangacha eile! Seo iad: abair, beir, bí, clois/cluin (tá dhá leagan den bhriathar seo ann in aimsirí agus modhanna áirithe), déan, ith, faigh, feic, tabhair, tar, téigh.

Féach ar na rialacha thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Abair – dúirt mé/tú/sé/sí, dúramar, dúirt sibh/siad. An ndúirt? Ní dúirt.
Beir – rug mé/tú/sé/sí, rugamar, rug sibh/siad. Ar rug? Níor rug.
– tá mé/tú/sé/sí, táimid, tá sibh/tá siad. An raibh? Ní raibh.
Clois – chuala mé/tú/sí/sé, chualaimid, chuala sibh/siad. Ar Chuala? Níor Chuala.
Déan – Rinne mé/tú/sé/sí, rinneamar, rinne sibh/siad. An ndearna? Ní dhearna.
Faigh – Fuair mé/tú/sé/sí, fuaireamar, fuair sibh/siad. An bhfuair? Ní bhfuair.
Feic – Chonaic mé/tú/sé/sí, chonaiceamar, chonaic sibh/siad. An bhfaca? Ní fhaca.
Tabhair – Thug mé/tú/sé/sí, thugamar, thug sibh/siad. Ar thug? Níor thug
Tar – Tháinig mé/tú/sé/sí, thángamar, tháinig sibh/siad. Ar tháinig? Níor tháinig.
Téigh – Chuaigh mé/tú/sé/sí, chuamar, chuaigh sibh/siad. An ndeachaigh? Ní dheacaigh.

Cuir na briathra neamhrialta sna habairtí seo san aimsir chaite:

  1. (Abair) mé leis inné go raibh an traenáil ar ceal.
  2. Ní (feic) muid na héin sa spéir aréir.
  3. (Tar) mé abhaile go déanach i ndiaidh na ceolchoirme.
  4. An (téigh) tú chuig an dioscó?
  5. Ar (beir) se gréim ar an liathróid sa chluiche?
  6. Ní (bí) mé abálta dul ar scoil inniu.
  7. An (fuair) muid obair bhaile sa rang tíreolaíochta inné?
  8. An (rinne) tú do chuid obair bhaile?
  9. (Tabhair) mé cuairt ar theach mo mhamó.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.