Máistirphlean sceideal CLG 2026 fógartha

Cóilín Duffy

D’fhoilsigh Cumann Lúthchleas Gael máistirphlean sceideal 2026 an tseachtain seo, ag leagan amach struchtúr soiléir do shéasúr iomlán an chumainn. Tá béim ar leith ar shoiléire, ar chothromaíocht idir club agus contae, agus ar amchreat a sholáthraíonn deis pleanála níos fearr d’fhoirne, do lucht riaracháin agus do lucht leanúna araon.

Leanfaidh an bhliain ar aghaidh leis an gcur chuige “cluichí contae ag tús na bliana, cluichí club sa dara leath den bhliain”, mar a bhí le blianta beaga anuas. Tosóidh sraitheanna náisiúnta san iománaíocht agus sa pheil ar an 27 Eanáir, le cluichí ceannais na sraitheanna á reáchtáil le linn dheireadh seachtaine an 4 agus an 5 Aibreán. Leanfaidh na craobhchomórtais cúige peile agus iomána ar aghaidh ina dhiaidh sin, agus cuirfear tús le craobhchomórtais samhraidh na gcontaetha i mí na Bealtaine.

Tá cúpla athrú suntasach le sonrú i mbliana, lena n-áirítear roinnt seachtainí solúbtha a bheidh ar fáil d’imeachtaí clubanna, agus iarracht déanta freisin deireadh a chur le forluí idir babhtaí ríthábhachtacha. Deir CLG go gcinnteoidh an plean nua níos lú brú ar imreoirí agus séasúr níos comhsheasmhaí don don lucht féachana.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.