Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
San alt seo foghlaimeoimid faoin aireagóir agus ealaíontóir cáiliúil Leonardo Da Vinci.
Bhí an-suim ag Da Vinci san ealaín ó bhí sé an-óg. Ní hamháin go raibh bua iontach aige san ealaín, ach bhí sé cumasach sa mhata, san eolaíocht, sa cheol, san innealtóireacht agus i go leor rudaí eile fosta. Níl mórán ar eolas againn faoina shaol nuair a bhí sé óg, ach nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois thosaigh sé ag obair i stiúideo an ealaíontóra Verrocchio. Nuair a chonaic Verrocchio cé chomh cumasach agus a bhí Da Vinci, shocraigh sé ar phictiúr a dhéanamh i gcomhpháirt leis. Battesimo di Cristo nó Baisteadh Chríost an t-ainm atá ar an phictiúr sin.
D’fhan Da Vinci sa stiúideo ag Verrocchio ar feadh seacht mbliana agus is ansin a d’fhoghlaim sé cuid mhaith dá cheird. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair le healaíontóirí clúiteacha eile agus bhí sé cairdiúil leis na daoine mór le rá freisin, an Pápa san áireamh. Phéinteáil sé An Suipéar Deireanach, pictiúr an-chlúiteach eile dá chuid, in 1498. Is é suipéar deireanach Íosa Críost ábhar an phictiúir seo. Tá an pictiúr le feiceáil go fóill i ndánlann in Milano san Iodáil agus tagann na mílte daoine le hamharc air gach bliain. Faoi 1518 bhí an pictiúr ag meath cheana féin, áfach. Faoi 1670, bhí drochbhail ar fad air. In 1726, rinneadh é a athchóiriú, rud a chuidigh go mór lena shábháil. Tháinig meath air arís i lár an 20ú haois agus, mar gheall air sin, cuireadh tús le hathchóiriú eile nár críochnaíodh go dtí 1999. Cúpla bliain i ndiaidh do Da Vinci An Suipéar Deireanach a phéinteáil, d’iarr fear saibhir air portráid dá bhean chéile a phéinteáil. An Mona Lisa a thugtar ar an phortráid sin agus tá sí ar an bportráid is cáiliúla dá chuid. Cuireann daoine spéis ar leith sa mheangadh beag gáire atá ar aghaidh Mona Lisa a bhfuil mistéir éigin ag baint léi. Nuair a chuaigh Da Vinci chun na Fraince, bhronn sé an phortráid ar an tír sin agus is sa Louvre i bPáras atá sí anois. B’ealaíontóir den scoth é Da Vinci agus duine fíorchliste a bhí ann freisin. Ba nós leis rudaí a chruthú. D’fhág sé cuid mhór de na smaointe a bhí aige ina dhiaidh i scríbhinní. Bhí cuid acu fíoraisteach agus an-speisialta ar fad. Mar shampla, tá léaráid de rud éigin a bhí iontach cosúil le héileacaptar ina measc. Níor cruthaíodh an héileacaptar go dtí 1936, ach bhí sé in intinn Da Vinci na céadta blianta roimhe sin! Ba dhuine é a bhí i bhfad roimh a am gan amhras. Fuair Leonardo Da Vinci bás in 1519.
Ceisteanna buntuisceana
- Cá háit ar rugadh Leonardo Da Vinci?
- Cad é an phortráid is cáiliúla a rinne sé
- Cad é a bhí tábhachtach faoin Renaissance?
- Cad é mar atá a fhios againn go raibh obair Da Vincí tábhachtach?
- Cad chuige a ndearnadh athchóiriú ar An Suipéar Deireanach?