Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Robert Linsdell
San alt seo foghlaimeoimid faoin long cháiliúil an Jeanie Johnston.
Thóg an tógálaí long John Munn as Albain an Jeanie Johnston in Quebec, Ceanada, in 1847. Cheannaigh John Donovan & Sons, comhlacht a bhí lonnaithe i dTrá Lí, an long. Bhí an long in úsáid i rith an Ghorta idir Éire agus Meiriceá Thuaidh. Sheol sí ó Chontae Chiarraí ar an mbealach go Quebec i mí Aibreáin 1847 nuair a thaistil sí le 193 duine ar bord.
Sheol sí go Baltimore, Nua-Eabhrac, agus Quebec den chuid is mó. Tuairiscíodh gur turas 45 lá a bhí ann trasna an Atlantaigh. Is é 247 an líon is mó daoine a chuaigh ar bord ag aon am amháin. In ainneoin deachrachtaí go leor ní bhfuair aon duine bás agus ar an Jeanie Johnston. Tá cúpla fáth leis seo. Bhí dochtúir ar bord agus níor lig an captaen an iomarca daoine ar an long.
Is macasamhail í an long atá suite ar an Life i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Cailleadh an Jeanie Johnston féin in 1855. Rinneadh an mhacasamhail atá le feiceáil inniu in 2000 le hurraíocht ó Chomhairle Contae Chiarraí, an tAontas Eorpach, Roinn na Mara agus urraitheoirí príobháideacha ó na Stáit Aontaithe. Sa lá atá inniu ann is musaem í an long agus ceadaítear do thurais threoraithe dul ar bord chun foghlaim faoin nGorta Mór agus stair na loinge.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cathain a rinneadh an long an Jeanie Johnston?
- Céard iad na háiteanna ar thug sí cuairt orthu i Meiriceá Thuaidh?
- Cathain a bhí a céad turas agus cé mhéad paisinéir a bhí ar bord?
- Cén fáth nach bhfuair éinne bás ar an long riamh?
- Cathain a rinneadh macasamhail an Jeanie Johnston?
- Cé hiad na heagraíochtaí a thug urraíocht le haghaidh na macasamhla?