Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Prasanna Kumar Mamidala / Wikipedia
San alt seo foghlaimeoimid faoi cheann de na bailte is áille i mBaile Átha Cliath, Binn Éadair.
Is sráidbhaile cois farraige é Binn Éadair atá suite ar leithnis i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá tionchar na Lochlannach le feiceáil ar an ainm Béarla, Howth, a thagann ón tSean-Lochlainnis, Hǫfuð, a chiallaíonn ceann tíre. Tagann an t-ainm dúchais Binn Éadair ón ainm Éadar, bean chéile duine de thoisigh na bhFear Bolg. “Étar” an t-ainm sa tSean-Ghaeilge. Ciallaíonn Binn Éadair, mar sin, barr géar cnoic nó aill ar le hÉadar é.
Tá stair ársa le feiceáil ar an leithnis. Tá tuama dolmaine atá 3,000 bliain d’aois ar thailte Chaisleán Bhinn Éadair. Glaotar Uaigh Éadaoine air. I ndiaidh Chath Chluain Tarbh in 1014 bhí roinnt Lochlannach fós ina gcónaí sa cheantar agus i ndiaidh theacht na Normannach bhí troid idir idir fórsaí Normannach agus fórsa Gall-Ghael in 1177.
Timpeall an naoú haois déag tógádh calafort sa cheantar agus bhí seirbhís poist loinge ann freisin. Mar gheall ar siolta mara i gCuan Bhaile Átha Cliath, fadbh leanúnach i rith na staire, bogadh an tseirbhís poist go Dún Laoghaire. Tharla an eachtra stairiúil is cáiliúla in 1914 nuair a landáil 900 raidhfil de chuid Óglaigh na hÉireann. Oibríocht mhór a bhí ann agus ghlac Fianna Éireann, na hÓglaigh, agus baill de Chumann na mBan páirt. In ainneoin na ndeacrachtaí agus roinnt troda ar an gcuan d’éirigh leis na hÓglaigh na gunnaí a fháil agus iad a scaipeadh timpeall na tíre. Úsáideadh na raidhfilí san Éirí Amach dhá bhliain ina dhiaidh sin agus tá amhrán reibiliúnach Béarla ann dar teideal My Old Howth Gun ina ndéantar tagairt don imeacht.
Sa lá atá inniu ann tá níos mó ná 8,000 míle duine ina gcónaí sa cheantar. Tá ceann de na clubanna CLG is sine sa tír suite ann, Beann Éadair CLG, a bunaíodh bliain tar éis bhunú CLG. Tá radharirc áille le feiceáil ar an gcnoc de Chuan Bhaile Átha Cliath agus ar Inis Mac Neasáin agus Reachrainn. Rugadh agus tógadh an seinnteoir bainseó de chuid The Dubliners, Barney McKenna, sa cheantar agus tá tithe ag roinnt réalta móra i saol na hÉireann ann.
Ceisteanna buntuisceanna
- Scríobh trí phíosa eolais faoi stair Lochlannach Bhinn Éadair.
- Cad is brí leis an ainm Binn Éadair?
- Cén fáth nach Binn Éadair oiriúnach mar chalafort sa naoú haois déag?
- Cén nasc atá idir Binn Éadair agus Éirí Amach na Cásca 1916?
- Cad é daonra na háite sa lá atá inniu ann?
- Cad atá le feiceáil amach ó chósta Bhinn Éadair?
- Ar mhaith leat féin a bheith i do chónaí i mBinn Éadair? Tabhair dhá chúis le do fhreagra.