Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

An Túr Solais i mBaile Átha Cliath
Grianghraf: Robert Linsdell

Tá clú agus cáil ar an Túr Solais atá suite ar Shráid Uí Chonaill i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo foghlaimeoimid faoin túr cáiliúil seo. 

Bhí colún Nelson suite ar an láthair ina bhfuil an Túr Solais, ach in 1966 tharla pléascán de chuid an IRA a scrios an colún. In 1988 cuireadh scairdeán ar an láthair le dealbh sa lár darb ainm Anna Livia, ainmnithe as carachtar de chuid James Joyce atá ina phearsantú d’Abhainn na Life. Bogadh an dealbh seo go suíomh eile in 2001 chun spás a dhéanamh don túr solais.

Fógraíodh in 1998 go raibh an Chomhairle Cathrach chun comórtas a reáchtáil chun  dearadh deilbhe a roghnú a chuirfeadh Sráid Uí Chonaill chun cinn. Bhí Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Joe Doyle, ina chathaoirleach ar choiste an chomórtais, agus glacadh leis an Túr Solais. Bhi sé le bheith críochnaithe don mhílaois, ach de bharr cur i gcoinne a chuaigh chun na hardchúirte ní raibh sé críochnaithe go 2003. Bhí costas 4.6 milliún air agus ar dtús bhí muintir na hardchathrach idir dhá chomhairle faoi. Tá roinnt ainmneacha greannmhara ag muintir Bhaile Átha Cliath don túr agus tá sé ann le fanacht lena leas nó lena aimhleas. 


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Céard a bhí ar an láthair a fhad le 1966?
  2. Cén t-ainm a bhí ar an dealbh sa scairdeán a bhí ar an láthair?
  3. Cathain a fógraíodh go mbeadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag iarraidh dealbh nua don chathair? 
  4. Cé a bhí ina chathaoirleach ar choiste an chomórtais?
  5. Cathain a críochnaíodh an dealbh?

Ceist fhada

Samhlaigh gur duine de bhunadh Bhaile Átha Cliath thú a bhí i gcoinne an phlean chun an Túr Solais a thógáil. Scríobh litir ghearáin chuig do TD áitúil ag rá cén fáth nár cheart é a thógáil.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.