Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé Céadaoin an 24 Nollaig

Aifreann Oíche Nollag
Cór Scoil Bhreandáin na hÉachléime ag canadh
Seipéal Trán, an Eachléim, an Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo
7 pm

Déardaoin an 25 Nollaig, Lá Nollag

Aifreann Nollag as Gaeilge in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath
Sa tuaisceart:
9 am Domhnach Cearna le carúil ó 8.45 am
9.30 am Glas Naíon
10 am Baile Dúill
11 am Draighneán, Sórd

San iardheisceart:
9 am Cluain Dolcáin
9.30 am Baile an tSaoir

San Oirdheisceart
9 am Bré Naomh Peadar
9.30 am Ascaill Choill na bhFeá
10.30 am Dún Laoghaire

Dé hAoine an 26 Nollaig

Rith, Siúil agus Rothaíocht Chuimhneacháin Mháirtín Mhic Craith
Ar mhaithe le hOispís na Gaillimhe agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2028 Carna Caiseal
1 pm
Siúl nó rith: tosú ag Teach Ghlinsce go dtí Tigh Mhéaic
Rothaíocht: tosú Tigh Mheaic, Leitir Ard, Glinsce, Tigh Mheaic
Sólaistí, ceol agus craic i dTigh Mheaic ina dhiaidh
Raifil mór, ceant ar rhéar, olla, gliomach, ciseáin bhia agus go leor eile

Dé Sathairn an 27 Nollaig

Siúlóid na Nollag
Laochra Loch Lao
11 am
Duibhis

Ceol na Nollag i dTigh an Cheoil
Le Cór Fear na nDéise
8.30 pm
Tig an Cheoil, an Rinn, Baile na nGall.
Le tacaíocht ó Chomhlucht Forbartha na nDéise

Dé Domhnaigh an 28 Nollaig

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn
Áras Éamoin Mhic Shuibhne, Cúil Aodha
3 pm

Dé Céadaoin an 31 Nollaig

Oíche Chinn Bliana sa halla
Seó don teaghlach
7 go 9 pm
Ceol le Nicole Flynn
Halla le Chéile, Baile Uí Dhuinn, Cé Bhréanainn.
Eolas ó 0872372241 nó runai1@cflt.iewww.cflt.ie

Déardaoin an 1 Eanair

Snámh Cinn Bliana
Bá Bhaile Thiarnáin, Fánaid
Airgead do Pieta House agus Tionscadal Oideachais Don Bosco

Snámh Cinn Bliana
Cé an Fhóid Dhuibh
Ag ceiliúradh 30 bliain
2 pm
An Eachléim, an Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo
Airgead do Chlub Iomartha an Fhóid Dhuibh

Dé Sathairn an 3 Eanair

Rírá agus rith i Londain
Gach cóicise
10 am i Clapham Common.
Eolas: +353 857051827 nó RithLDN ar Instagram


Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

An 27 Nollaig 2025 go an 1 Eanáir 2026

Bí linn chun páirt a ghlacadh i ndraíocht an cheoil thraidisiúnta ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ón 27 Nollaig 2025 go dtí an 1 Eanáir 2026. Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht iarthuaisceart Thír Chonaill, cuireann Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair clár cúig lá lán le ceol, cuideachta agus craic ar fáil do gach aoisghrúpa, díreach mar a bhíonn gach bliain.

Dé Satharn an 27 Nollaig 2025

Oscailt oifigiúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le Moya Brennan
Teach Hiúdaí Beag
7 pm
Beidh ceol beo leis an Chrann Óg agus go leor ceoltóirí eile, agus leanfaidh an oíche ar aghaidh le seisiún oscailte mór.
Fáilte roimh chách!

Is í Moya Brennan guth agus croí an ghrúpá mór le rá Clannad, duine de na ceoltóirí is aitheanta in Éirinn. Tá blianta fada caite aici ag roinnt a cuid ceoil le lucht éisteachta ar fud an domhain, agus le blianta fada anuas tá sí ag cur na Gaeilge agus Dhún na nGall chun cinn ar fud an domhain mhóir. Tá cosán cruthaithe aici do na ceoltóirí óga a lean í agus leanann sí de bheith ina meantóir do go leor ceoltóirí idir chríon agus óg. Is mór an onóir dúinn é go mbeidh sí ag seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025.

Dé Domhnaigh an 28 Nollaig 2025

Ailleog an Oireachtais
Le Mairéad Ní Mhaonaigh
Ceolchoirm
An Social
8.30 pm
Ticéid ó https://scoilgheimhridh.com/event/ailleog-an-oireachtais/
Ócáid speisialta a théann go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta gach bliain, ceiliúradh ar thraidisiúin amhránaíochta Uladh le cuid de na hamhránaithe is cumasaí sa chúige. Beidh Mairéad Ní Mhaonaigh ag déanamh comhrá le haíonna speisialta, ag tabhairt léargas ar a gcúlra agus ar a gcuid amhrán, agus beidh blaiseadh le fáil de chuid de na hamhráin mhóra Ultacha.

Le Moya Brennan, John Tunney, Dàibhidh Stiùbhard, Gearóidín Bhreathnach, Bláithín Mhic Cana agus Séarlas Ó Baoill

Dé Luain an 29 Nollaig 2025

Eoghan Ó Ceannabháin agus a bhanna Le Méabh Mulligan agus Andrew Hendy
Amharclann Ghaoth Dobhair
8.30 pm
Ticéid ó https://scoilgheimhridh.com/event/concert-eoghan-o-ceannabhain-band/

Dé Máirt an 30 Nollaig 2025

Natalie Ní Chasaide agus Iarfhlaith Ó Domhnaill
Ceolchoirm
An Social
3 pm
Ticéid ó https://scoilgheimhridh.com/event/concert-natalie-ni-chasaide-iarfhlaith-o-domhnaill/
Is beirt cheoltóirí traidisiúnta iad Natalie Ní Chasaidé (pianó) agus Iarfhlaith Ó Domhnaill (fidil) atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tugann siad beatha nua do thraidisiún fidle Dhún na nGall, agus iad ag cothú ceangal láidir leis na máistrí a chuaigh rompu agus ag an am chéanna ag cur a gcruthaitheachta féin leis. I mí Bhealtaine 2024 d’eisigh siad a gcéad albam, The Devil’s Dream, saothar a moladh go hard mar ghuth úr i gceol traidisiúnta comhaimseartha. Sa bhliain 2025 bronnadh gradam Traic Traidisiúnta na Bliana orthu ag Gradaim Ceoil Tíre Raidió 1 RTÉ dá singil Welcome Home, Gráinne.

Ciarán Ó Maonaigh, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill
Aíonna speisialta, Sean Óg Graham, Niamh Dunne agus Caitlín Nic Gabhann
Ceoilchoirm
An Social
8.30
Ticéid ó https://scoilgheimhridh.com/event/concert-ciaran-o-maonaigh-maighread-triona-ni-dhomhnaill/
Ciarán Ó Maonaigh, Caillte sa Cheol

Rugadh an fidléir agus stiúrthóir teilifíse (TG4) Ciarán Ó Maonaigh isteach i dtraidisiún ceoil Ghaoth Dobhair. Is iar-Cheoltóir Óg na Bliana de chuid TG4 é, agus chuaigh sé ar chamchuairt idirnáisiúnta mar aonréadaí chomh maith le bheith mar chuid de Fidil, Na Mooneys, Caitlín & Ciarán, agus The High Seas.

Dé Ceadaoin an 31 Nollaig 2025

Cóisir oíche na Bliana Úire, Cuas agus SuperCéilí agus go leor eile!
Urraithe ag Toigh Uí Mhadáin, Béal Feirste
An Social
9.30
Ticéid ó: https://scoilgheimhridh.com/event/coisir-oiche-na-bliana-uire/
Is banna uathúil iad SuperCéilí, eispéireas cóisire damhsa le mothú Éireannach. Meascán den cheol traidisiúnta leis na hamhráin leictreonacha agus pop is fearr atá sa seó. Ceoltóirí cumasacha a bhfuil taithí acu agus atá sásta rioscaí a ghlacadh leis an teicneolaíocht.
Tá sé mar aidhm ag SuperCéilí ceol damhsa Gaelach a a chur chun suntais agus glúin úr a spreagadh chun dul i ngleic le taobh mire na hÉireann. Ó 2012 i leith, tá siad ina mbuaicphointe d’fhéilte agus do lucht leanúna domhanda ar breá leo cóisirí.
Ní banna amháin é SuperCéilí, is gluaiseacht é. Gluaiseacht a spreagann daoine chun teacht le chéile tríd an gceol, an damhsa agus oidhreacht chultúrtha shaibhir na hÉireann.

Déardaoin an 1 Eanair 2026

Seisiún amhránaíochta
Seisiún
Teach Hiúdaí Beag
3 pm
€5 ag an doras
Goitse agus lig do scíth ag an tseisiún amhránaíochta bhliantúil a bhíonn againn chun críoch oifigiúil a chur le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Tá an t-imeacht seo anois mar chuid lárnach den fhéilire ceoil sa cheantar. Bailíonn pobal na háite agus cuairteoirí araon le chéile chun fáilte a chur roimh an bhliain úr i dtimpeallacht atá lán le cairdeas agus le ceol.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.