Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 19 Nollaig

Dinnéar na Nollag le Ceol Beo
1 pm
Ceol le Clann Uí Mhurchú
Caifé Ceoil, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Príomhchúrsa agus milseog.
Cuir áit in áirithe sa chaifé
£30
Beir buidéal leat

Cóisir na Nollag don Óige
Scannán, píotsa agus craic
3 go 5 pm
Áras Pobail Ráth Chairn
Imeacht saor in aisce
Tugann Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí cuireadh do na daoine óga uilig a ghlac páirt inár gcuid imeachtaí i mbliana a bheith linn
Cláraigh ag ursula@gaeltachtnami.ie

Muinín le Padraig Mac Oscair
7 pm
The New Theatre, Barra an Teampall, Baile Átha Cliath
Dráma faoi theaghlach i dTír Chonaill a théann trí dheacrachtaí airgid i rith an chúlaithe siar mhóir, agus na rudaí a rinne daoine i rith na tréimhse tar éis an Tíogair Cheiltigh. Níos mó ná sin, is dráma é seo faoi bheirt bhan atá faoi bhrú ó fhear uafásach, agus céard a dhéanann siad le héalú uaidh.
Is ceardlann agus léamh dráma atá I gcéist anseo, ina bhfuil béim curtha ar rannphairtíocht an lucht feachúna. Bheidh fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge agus iadsan gan Ghaeilge, a bheidh túgtha isteach san áireamh.
Ticéid €11.70 ó Eventbrite
Arna eagrú ag Connolly Books

Oíche na Maróige
Club na Múinteoirí, Baile Átha Cliath
Gerry Cullen agus a chairde
Arna eagrú ag an nGóilín

Tob-Ghaeltacht Lios Tuathail
9 pm
Tigh Tábhairne John B. Keane

Dé Sathairn an 20 Nollaig

Ciorcal Comhrá Gaeilge
11 am
Óstán Fearnáin, an Cabhán.
Téama: an Nollaig. Tá fáilte roimh dhaoine atá líofa sa Ghaeilge agus iad siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.
Glór Bhréifne, 087 640 1682 glorbhreifne@gmail.com

Cleamairí Feirste, Grianstad an Gheimhridh
Ag an Chaifé Ceoil, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
11 am
Ceol, craic agus rógaireacht
Saorchead isteach

Siúlóid éasca na Nollag, Binn Éadair
Chun an Nollaig agus grianstad an gheimhridh a cheiliúradh
Siúlóid i mBinn Éadair ar an gcósta agus ar an gcnoc.
Teacht le chéile 11 am. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair.
Stopfaimid ar an trá agus beidh picnic bheag againn agus pióga mionra agus pórtfhíon te ar an mbiachlár.
Mairfidh an tsiúlóid 3.5 uair an chloig agus beimid ar ais sa sráidbhaile idir 2.30 agus 3 pm
Tar éis na siúlóide beidh deis againn greim bia a fháil, agus sólaistí eile b’fhéidir sa Doghouse in aice an stáisiúin traenach, ach tá neart áiteanna eile sa sráidbhaile.
Treoraí Eileen
Nóta, chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com
Trealamh agus feisteas
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat:
Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga fia, féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla.
Culaith shnámha chun dul a shnámh leis na deilfeanna!
Chun an fhírinne a rá, NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.

Ceol na Nollag i dTigh an Cheoil
Le Cór Fear na nDéise
8.30 pm
Tig an Cheoil, an Rinn, Baile na nGall.
Le tacaíocht ó Chomhlucht Forbartha na nDéise

Dé Domhnaigh an 21 Nollaig

Crinniú Cinn Bliana Chumann Caide na Gaeltachta
Mean lae
Gallarus

Cuairt Dhaidí na Nollag
1 go 3 pm
An Chrannóg, Gaoth Dobhair
Eolas ó 0749532208 nó cfgdemma@gmail.com

Seirbhis Carúl
6 pm
Paróiste an Spidéil

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.