Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 12 Nollaig

An Cinema Gaelach, An Garbhán
4 go 5 pm
Leabharlann Ghaoth Dobhair
Beochan clasaiceach den leabhar cháiliúil do leanaí. Tá an scannán seo á thaispeáint mar chuid de An Cinema Gaelach le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Is í Gaeilge teanga na hócáide
Áirithintí le eilin@tuismitheoiri.ie

An Cinema Gaelach, Abominable
4 go 5 pm
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead
Níl aon chostas i gceist ach caithfear clárú roimh ré ag siobhan@tuismitheoiri.ie nó 085 8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Daidí na Nollag
5.15 go 8 pm
Ionad Mhachaire Rabhartaigh
€8 gach páiste
Eolas ó 074-9135556 nó 083 0769242
Arna eagrú ag pleanáil teanga Chloich Chionnaola

Seisiún na nÓg @ Gaeilge Iorrais
Ócáid Ghaelach don teaghlach
Deis casadh le chéile tríd an gceol, amhránaíocht, Gaeilge agus eile!
6 go 8 pm
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead
Fáilte roimh chách!

Amhráin na bPíob
Ceardlanna, seisiún ceoil
6 pm
Drioglann Chroithlí
Eolas ó Diane ag 087 6561879

Dé Sathairn an 13 Nollaig

Seal ag Canadh agus Am Scéalaíochta
10 go 10.45 am
Leabharlann Dhún Pádraig
Caithfidh páistí a bheith in éineacht le duine fásta
Bí linn!

Scéalta, rannta agus ceol le chéile
Le Julie Anne De Brún
11.30 am go 1 pm
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
Caithfear clárú roimh ré le deirdre@tuismitheoiri.ie
Spásanna teoranta!
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Santaí i Muineachán
12.30 go 2.30 pm
Oifig Mhuineachain le Gaeilge, 20 Sráid na Páirce, H18 TN88
Saor in aisce
Clárú de dhith le eolas.mlg@cnag.ie nó 086-3352220

Beithilín beo
2 go 5 pm
Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Margadh na Nollag
Sráid Halla an Bhaile, an Cabhán
Labhair le Santaí as Gaeilge agus éist lena scéalaíocht
Cúinne Gaeilge, 2 go 3 pm
Arna eagrú ag Craobh Ghaelphobal an Chabháin

Cóisir na Nollag
2 go 5 pm
Halla an Bhanna, Carraig Uí Leighín, P43DC65
Beidh Cóisir na Nollag le Daidí na Nollag ar siúl agus beidh cluichí, peinteáil aghaidhe agus Daidí na Nollag le Gaeilge ann.
Páiste €5, Clann €10
Déan teagmháil le carraigagcaint@gmail.com le clárú!
Arna eagrú ag Craobh Charraig ag Caint

Margadh na Nollag
I gcraobh Inse Chór
2 go 5 pm
Éadaí, ealaín, seodra, ceardaíocht, ceol beo agus Daidí na Nollag!
Le tacaíocht ó BÁC le Gaeilge agus Áras Inse Chór

Aifreann an Domhnaigh as Gaeilge
6.15 pm
Ardeaglais, Sráid an Choláiste, Ceatharlach
Diarmuid Ó Meachair agus Paddy McEvoy
8 pm
Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne, P12X239
Teagmháil le 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie

Ceol na Nollag i dTigh an Cheoil
Le Cór Fear na nDéise
8.30 pm
Tig an Cheoil, an Rinn, Baile na nGall.
Le tacaíocht ó Chomhlucht Forbartha na nDéise

Dé Domhnaigh an 14 Nollaig

Siúlóid Sléibhe Ghleann Dá Loch
Siúlóid sléibhe mheánach, carrchlós poiblí sa Láithreach, Gleann Dá Loch, Slí Chualann Nua, an Láithreach.
Fad 11 km, dreapadh 280 m, 4 uair an chloig ag siúl.
​Áit chruinnithe Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, halla Clifton Hall Éircód D02 XP89
Imeoimid ag 9.30 am go cruinn. 
Nó: Tús na siúlóide sa carrchlós sa Láithreach in aice Woollen Mills
Tagairt eangaí O 142 961 nó  N53.0024, W6.3000.
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am
Rinneadh naomh de Lorcán Ua Tuathail ar an 11 Nollaig 1225, díreach ocht gcéad bliain ó shin. Chun é sin a chomóradh siúlfaimid tríd an mainistir i nGleann Dá Loch. Tabharfaimid cuairt ar iarsmaí Mhainistir an tSlánaitheora, ar an Ardeaglais agus ar Theampall Rífhearta.
Treoraí Breandán
Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar – Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar an R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar an R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755 sa Láithreach. I ndiaidh 700m, gabh ar dheis chuig an gcarrchlós.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Ceardlann maisiúcháin Nollag le Diarmaid Ó hAlmhain, an Caoladóir Catach
11.30 am
Ionad Oidhreachta Ráth Cairn, Co. na Mí
Bi linn don cheardlann álann cheardaíochta seo ina mbeidh tú ag obair le saileach le réalta mhór le soilse a dhéanamh, chomh maith le maisiúcháin bheaga freisin!
€50 nó €20 má tá tú i do chónaí i nGaeltacht na Mí!
Spásanna teoranta
Cláraigh le ursula@gaeltachtnami.ie

Scéal na Nollag
Le Siobhán Ní Mhuimhneacháin
Cuideachta Mhúscrai, Clár Teaghlaigh Thuismitheoirí na Gaeltachta
12.30 pm
Cois Cille, Cill na Martra
Eolas ó 087 3762941 nó roibeard@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Stór Mhuscraí

Tob-Ghaeltacht
I dtigh an allais, Gleann Cuilinn, Baile Átha Cliath, D18 Y673
Mean lae go 1.30 pm
Costas €25
Ceol, craic, comhrá agus sána
Eolas ó 087 9742195 / 087 1279555 nó tighnalluis@gmail.com

Beithilín beo
2 go 5 pm
Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

An Cinema Gaelach The Polar Express
4 pm
Halla Chomhairle Cheantar na nOileán, Tír an Fhia
Caithfear clárú roimh ré le sophia@tuismitheoiri.ie nó 085 2198926
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Luain an 15 Nollaig

Fleasca na Nollag
Ceardlann le Paula
7 go 9 pm
Áras Pobail Ráth Chairn
Tae, caife agus sólaistí
Costas €50, gach ábhar don cheardlann san áireamh
Cláraigh le ursula@gaeltachtnami.ie
Spásanna teoranta

Dé Máirt an 16 Nollaig

Cruthaigh do mhaisiú Nollag féin le TJs Bounce Clay.
4.30 go 5.30 pm
Leabharlann Ghaoth Dobhair
Tabhair abhaile é agus croch go bródúil ar do chrann Nollag é chun cuimhne speisialta a chruthú sna blianta amach romhainn. Fóirsteanach do pháistí 5+.
Áirithintí ag 074 9560862

Scéalta agus spraoi le Mamaí Clause
5 pm
Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh
Níl costas i gceist ach caithfear clárú roimh ré
Clárú le oisin@tuismitheoiri.ie nó 085 2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceiliúradh na Nollag agus Gradaim na Bliana 2025
8 pm
Teach Dolmain, 76 Sráid an Tulaigh, Ceatharlach.
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach

Dé Céadaoin an 17 Nollaig

Ciorcal comhrá
12 meán lae go 1pm
Café Lamberts, 16 Sráid Átha Cliath, Ceatharlach.
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach

Ceolchoirm na Nollag
6 pm
Halla Naomh Breandán, an Fod Dubh, Co. Mhaigh Eo
Raifil ar an oíche do chiste na scoile
Arna eagrú ag an Eachléim

Ceiliúadh an Oireachtais
7 pm
Ionad Cultúrtha an Dochtúra Ó loingsigh, Baile Mhúirne
Saor in aisce
Fáilte roimh chách

Cóisir na Nollag le Daidí na Nollag
8 pm
Tig an Chúinne, Carraig Uí Leighin, P43 VP08
Cóisir na Nollag do dhaoine fásta 
Costas €10
Déan teagmháil le carraigagcaint@gmail.com le clárú!
Arna eagrú ag Craobh Charraig ag Caint

Déardaoin an 18 Nollaig

Seirbhís Carúl na Nollag
Cór Ghlór na nÓg Mhúscraí & Echoes of Killorglin Chamber Choir
6 pm
Séipéal Bhaile Mhúirne
Fáilte roimh chách
Airgead á bhailiú do Bhrú Columbanus

Dinnéar na Nollag le Ceol Beo
1 pm
Ceol le Clann Uí Mhurchú
Caifé Ceoil, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Príomhchúrsa agus milseog.
Cuir áit in áirithe sa chaifé
£30
Beir buidéal leat

Tráth na gceist
Ceol, caint, amhránaíocht agus cupán tae
7 go 10 pm
Charlie’s Bar, Inis Ceithleann
Fáilte roimh chách
Arna eagrú ag Sruth ha hÉirne Conradh na Gaeilge

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.