Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie.
Dé hAoine an 5 Nollaig
Maidin chaife
11 am
An Crúiscín Lán, an Spidéal
Arna eagrú ag Pleanáil Chois Fharraige
Bácáil na Nollag
3.30 pm
Halla Pobail, Baile an Sceilg
Oiriúnach do leanaí 3 go 7 mbliana agus a dteaghlaigh
Gearrscannán An Seilide agus an Míol Mór
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Scéalta agus Spraoi le Mamaí Clause
4 pm
Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair
Oiriúnach do theaghlaigh le páistí 4+ bliana d’aois
Imeacht saor in aisce
Eolas ó eilin@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Lasfar na soilse ar chrann na Nollag, Oileán Árainn Mhór
4.30 pm
Garradh na mBád
Fáilte roimh achan duine
Ceardlann fleasc Nollag
6.30 go 9 pm
Inis Fáil, an Spidéal
€40 an duine
Beidh sólaistí agus spraoi ann ar an oíche!
Beidh tú ag dul abhaile le fleasc álainn lámhdhéanta le crochadh ar do dhoras do shéasúr na Nollag.
Tá teorainn ar líon na spásanna, mar sin glaoigh ar Áine ag 086 8197677 go luath le d’áit a chur in áirithe.
Dinnéar na Nollag 2025
8 pm
The Barn, Sabhall
Roghnaigh £28 do bhéile 2 chúrsa nó £34 do 3 chúrsa, bia blasta agus comhluadar iontach geallta.
Cuir d’áit in áirithe ag leathchathail@gmail.com
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Leath Chathail
Dé Sathairn an 6 Nollaig
Lá Oscailte Stáisiún Dóiteáin an Fhál Charraigh
2 go 5 pm
Saorchead isteach
Buail le do chomhraiceoirí dóiteáin áitiúla. Turas ar an stáisiún dóiteáin agus spléachadh ar an trealamh. Taispeántais agus comhairle ar shábháilteacht dóiteáin.
Lá sultmhar don teaghlach ar fad.
Cinema Gaelach, An Seilide agus an Míol Mór
2 pm
Craoibhín, an Tearmann
Níl aon chostas i gceist ach caithfear clárú roimh ré
Eolas ó oisin@tuismitheoiri.ie nó 085 2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Aifreann an Domhnaigh as Gaeilge
6.15 pm
Ardeaglais, Sráid an Choláiste, Ceatharlach
Ceol na Nollag i dTigh an Cheoil
Le Cór Fear na nDéise
8.30 pm
Tig an Ceoil, An Rinn, Baile na nGall.
Le tacaíocht ó Chomhlucht Forbartha na nDéise
An Bláth Bán
Ócáid speisialta ag ceiliúradh ár scríbhneoirí
Brian Mac a’ Bhaird, Róise Ní Bhaoill, Aileen Crossley, Cormac Mac Giolla Easpaig,
Seán Ó Muireagáin, Pádraig Ó Tiarnaigh agus Máire Dinny Wren
i gcomhrá leis an Laureate don Fhicsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne
Bí linn agus faigh cóip shínithe de na leabhair is úire ó Éabhlóid
6 pm
i dTeach Jack i nGaoth Dobhair
Beidh ceol, sólaistí agus scoith an chomhluadair ann
Céilí na nGael
Céilí pobail, Céilí do gach éinne
7.30 go 9.30 pm
Dún Chíomháin
Cúpla seit, rince céilí, bhálsáil, smut, siamsaíocht agus an-chraic!
Nicole Ní Dhubhshláine, Méabh Ní Bheaglaoich agus Kyle Macaulay
Tuilleadh eolais ó Christy Mac Gearailt – 0863896555
Dé Domhnaigh an 7 Nollaig
Margadh na Nollag
10 am go 1 pm
Cúil Aodha
Eolas ó Mary 087 6204781 nó Jean 089 4170509
Siúlóid i nGleann Dá Ghrua
11 am go 4 pm
Labhrófar faoin stair agus faoin dúlra áitiúil, chomh maith leis an Gaelic Woodland Project
Clarú: https://form.jotform.com/253265802146051
Arna eagrú ag Craobh na Coille
Margadh na Nollag
11 am go 4 pm
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
H91 W925
Saorchead isteach
Beidh suas le 20 seastán de cheardaithe áitiúla ag díol táirgí lámhdhéanta, bia agus deoch.
Tiocfaidh Daidí na Nollag ar cuairt ó 1 go 3 pm agus é ag súil go mór le bualadh leis na gasúir ar fad.
Daidí na Nollag
12 meán lae go 3 pm
Áislann Rann na Feirste
Grianghraif le Santa agus roghbhosca, tae agus caife do thuismitheoirí.
Fáilte mhór roimh achan duine
Arna eagrú ag Club Óige Rann na Feirste
Aonach na Nollag
1.30 go 3.30 pm
Péinteáil aghaidheanna, dioscó, stainníní ag ceardaíocht. Bualadh le Daidí na Nollag!
£3 in aghaidh an linbh ar an lá chun bualadh le Daidí na Nollag.
Molaimid clárú roimh ré chun a chinntiú go mbeidh bronntanas oiriúnach d’aois do linbh réidh dóibh!
Cláraigh le leathchathail@gmail.com
Bí linn don spraoi, don cheol agus don draíocht!
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Leath Chathail
Seoladh leabhair An Seol atá Fút le Annemarie Nugent
Á sheoladh ag Réaltán Ní Leannáin
3 pm
Sheelagh na Gig, Cloch Siúrdáin, Co. Thiobraid Árainn, E53 W291
Aonach na Nollag, Fánad
2 go 4 pm
Ionad pobail Thráigh an Locha, F92 DV72
Dé Luain an 8 Nollaig
Ranganna rince sean-nóis
7.15 go 8.15 pm
Éire Óg CLG, Ceatharlach.
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach
Dé Máirt an 9 Nollaig
Ceardlann rince seit na Nollag
6.30 go 8 pm
Áras Fhoras na Gaeilge, 66 Shráid Amiens, BÁC 1
Ticeid €7 ar fáil ó Eventbrite
Airgead ar fad chuig Médecins sans Frontières
Tá fáilte roimh chách, aiteach nó díreach, mná, fir agus daoine neamhdhénártha!
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
Aonach Ceardaíochta
7 pm
Halla na scoile, Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, Leifear, Co.Dhún na nGall
Dé Céadaoin an 10 Nollaig
Ciorcal comhrá
12 meán lae go 1 pm
Café Lamberts, 16 Sráid Átha Cliath, Ceatharlach.
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach
Tóg Teach Beag Nollag
6 go 7 pm
Leabharlann Ghaoth Dobhair
Tóg agus maisigh do theach beag Nollag féin le sneachta agus soilse.
Tabhair do shaothar abhaile leat.
Aoiseanna 6-10
Áirithintí ag 074 9560862
Ranganna Gaeilge Labhair Liom
7 go 8.30 pm
Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach.
Arna eagrú ag Glór Cheatharlach
Seoladh Leabhair Mo Scéal Fhéin
le Gearóid Willie Ó Fátharta
8 pm
Á sheoladh ag Pádhraic Ó Ciardha
Tigh Chualáin, Coill Rua, Indreabhán
Bean an tí Caitlín Ní Chualáin
Déardaoin an 11 Nollaig
Oíche dhrámaíochta
Léifidh aisteoirí script Cúigear Chonamara le Micheál Ó Conghaile agus pléifear an saothar ina dhiaidh
7 pm
Red Room, Outhouse, 105 Sráid Chéipil, BÁC1, D01 R290
Ní gá ticéad a fháil
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
Céilí Domhanda
7 go 9 pm
Pobal Eascarrach F92XH70
7-9 a chlog
Ceol Beo le Martín ó Dúgáin agus Scairteoir Céilí
Crannchur ar son chéad fhreagróirí’ an Fháil Charraigh
Tabhair leat bia ó do chultúr féin
Beidh stobhach Gaelach ann
Imeacht saor in aisce
Fáilte roimh Ghaeilge agus teangacha an domhain
Seoladh Leabhair Castar Linn É
Scribhinní Saoil
Peadar Neilí Ó Domhnaill
7 pm
i Halla an Acadaimh, Halla na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tráth na gCeist agus tob-Ghaeltacht na Nollag
7.30 pm
The Ballymac Bar, Trá Lí
4 ar gach bord, €5 an duine
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó Thrá Lí le Gaeilge
Tob Gaeltacht
8 pm
Blessing’s Bar, An Cabhán
Arna eagrú ag Craobh Ghaelphobal an Chabháin
Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin
Beidh Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin ar siúl Aoine agus Satharn an 5 agus an 6 Nollaig 2025 agus saorchead isteach chuig na himeachtaí ar fad.
Beidh iomlán imeachtaí na Scoile, seachas an tsiúlóid agus oíche cheoil i gCumann Chluain Árd, ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.
Is é seo céad Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin agus beidh sé ann achan gheimhreadh as seo amach.
Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón Scoil Gheimhridh maidin Dé Sathairn ó 11 am go 12 meán lae
Dé hAoine an 5 Nollaig
1 pm fáiltiú, sólaistí beaga
2 pm oscailt na scoile ag Bríd Ó Gallchóir, aoichainteoir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
3 pm Gearóid Mac Adaim a osclóidh taispeántas grianghraf ar shaol Ghearóid Uí Chairealláin agus ar na fiontair a raibh baint aige leo
4 pm pléphainéal ar ‘Agóidíocht – Cad is fiú í?’
Cathaoirleach – Róisín Nic Liam
Edel Ní Churraoin, Ainle Ó Cairealláin, Somhairle Mag Uidhir, agus Feargus Ó hír
6 pm Alan Titley faoi agallamh ag Robert McMillen
8 pm taispeáint dhá scannán
Olc an Ghaoth
Clár a rinne Gearóid do TG4 faoi Danny Ó Flatharta as Conamara agus a chás i ndiaidh Hairicín Katrina.
Déanfaidh Eoghan Ó Néill agus Simon Wood caint faoi na heachtraí a bhain dóibh in New Orleans.
Taispeánfar fosta Idir Dhá Chathair, clár faoi Ghearóid Ó Cairealláin a rinneadh in 1996 agus a craoladh ar RTÉ.
Dé Sathairn an 6 Nollaig
10 am go 12 meán lae Scéal Lá agus eile
Siúlóid threoraithe i gceantar na bhFál le hEoghan Ó Néill thart ar na háiteanna atá ceangailte le scéal Lá agus le fiontair éagsúla Ghearóid.
12 meán lae, labhróidh Milène Fegan roimh thaispeáint Stop an Preas, clár teilifíse faoi Preas an Phobail/Lá a rinne Milène do NVTV in 2008
1 pm Caint Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin le Ciarán Ó Feinneadha Gearóid Ó Cairealláin – Gníomhaí Teanga
3 pm pléphaineál ar Iriseoireacht na Gaeilge agus pobal Gaeilge a thógáil
Cathaoirleach Póilín Ní Chiaráin
Cainteoirí Alan Titley, Máirtín Ó Muilleoir, Máirín Ní Ghadhra, Áine Ní Bhreisleáin
7 pm Cumann Chluain Árd, oíche cheoil agus chuideachta le scothcheoltóirí na háite
Mar chuid den scoil gheimhridh beidh Conor Torboid, eagarthóir na hirise Nós, mar aon le Donall Mac Giolla Chóill, ag reáchtáil ceardlann do dhaltaí Choláiste Feirste le ríomhiris a chur ar fáil.