Bronnadh duais thábhachtach ar 9 White Deer, micreaghrúdlann i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, ag Duaiseanna Fuinnimh SEAI 2025.
Ceiliúrann an ócáid seo barr feabhais i gcur chun cinn fuinnimh inbhuanaithe agus i ngníomhú ar son na haeráide. Bronnadh dhá cheann déag de dhuaiseanna i mbliana ar ghnólachtaí, ar phobail agus ar eagraíochtaí earnála poiblí.
Tá 9 White Deer tiomanta do bheoir den scoth a sholáthar don mhargadh Éireannach. Chuir siad painéil ghréine agus córais uisce te agus fuaraithe cliste i bhfeidhm chun níos lú breosla a úsáid agus chun bheith níos éifeachtúil.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!