
Tá ana-áthas ar Dhúchas an Daingin a fhógairt go bhfuil Glór na Nollag ó Chorca Dhuibhne ar fáil anois don bpobal ar YouTube. Is é atá i gceist le Glór na Nollag ó Chorca Dhuibhne ná bailiúchán d’amhráin agus de phoirt a bhaineann leis an Nollaig i gCorca Dhuibhne agus taifeadadh déanta againn ar mhuintir Chorca Dhuibhne. Is comhthogra é seo de chuid Dhúchas an Daingin agus Tús Maith, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, agus taithí na mblianta ag Tús Maith agus ag an Oidhreacht ar an bhfoilsiú agus leithéidí Tídil Éidil Éró, Sicín Mise agus Rabhlaí Rabhlaí foilsithe acu.
Theastaigh uainn taifeadadh a dhéanamh ar amhráin agus ar phoirt a bhaineann leis an Nollaig i gcanúint Chorca Dhuibhne agus na taifeadtaí san a chur ar fáil don bpobal. Beidh siad le clos timpeall an bhaile mar chuid don gcóras fuaime a bhíonn ag an gCumann Lucht Tráchtála le linn na Nollag. Táid ar fáil saor in aisce don bpobal ar YouTube, Dúchas an Daingin, agus ar fáil dos na meáin chomh maith. Theastaigh uainn a chinntiú go mbeadh Glór Chorca Dhuibhne go láidir le clos. Is siad ceoltóirí agus amhránaithe áitiúla a dhein na taifeadtaí dúinn.
“Táimid loitithe anseo i gCorca Dhuibhne agus an oiread amhránaithe agus ceoltóirí iontacha againn, tá sé ana-thabhachtach go mbeadh amhránaithe agus ceoltóirí áitiúla le clos agus amhráin inár gcanúint féin againn an t-am seo bliana,’’ arsa Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga le Dúchas an Daingin.
Is túsphointe é seo don dtogra seo agus tá súil againn cur leis na taifeadtaí bliain i ndiaidh bliana.
Ár mbuíochas ó chroí leis na héinne a thacaigh leis an dtogra seo, go háirithe ár n-amhránaithe agus ceoltóirí iontacha, Donogh Hennessy, Orlaith Ruiséal Tús Maith, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Niamh Herkommer, Bunscoil an Chlochair, Scoil Iognáid Rís, Scoil Mhaolchéadar, Scoil an Ghleanna, Scoil Dhún Chaoin, Scoil Naomh Eoin Baiste, Scoil Cheann Trá, Scoil Naomh Eirc agus Cumann Lucht Trádála Dhaingean Uí Chúis, & An tAthair Michael Moynihan.
Seo a leanas liosta dos na taifeadaí do 2025:
- Bualadh Bos – Bunscoil an Chlochair & Scoil Iognáid Rís
- Bualadh Bos ar an bhfeadóg stáin – Scoil Iognáid Rís
- Coinnle na nAingeal – Sláine Ní Chathalláin, Donogh Hennessy
- Adeste Fideles – Mia Ní Cholumb, Éabha Staunton, Siún Ní Fhlatharta, Mallaí Ní Bhrosnacháin, Lexi Hutchinson, Niah Radwanski, Niamh Varian Barry, Donogh Hennessy
- An Drumadóírín – Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Pádraig Firtéir & Adam Ó Géibheannaigh, Donogh Hennessy
- Dia do bheatha, a Naí Anocht – Sadhbh Ní Mhainnín, Harmony Doran, Stephen Ó hÉalaithe, Pádraig Firtéir, Eoghan Ó Murchú, Emma Ní Chonchúir
- Ó Oíche Mhór – Ciara de Mórdha (Ar fáil ar an 19/12)
- Coinnle an Linbh Íosa – Eilís Ní Chinnéide, Donogh Hennessy
- Port an Dróilín – Breanndán Ó Beaglaoich
- Cá bhfuil Daidí na Nollag – Dairena Ní Chinnéide (Dán)
- Rudalf an Fia Rua – Aoife Grainbhéil & Deirdre Grainbhéil
- Auld Lang Syne – Aoife Grainbhéil & Deirdre Grainbhéil
Tá na taifeadaí ar fáil anois ar YouTube.