Gaeil Londan chun tosaigh ar son na stailceoirí ocrais

Diarmuid Breatnach

I measc na ngrúpaí agus na bpobal eitneach iomadúil ar shráideanna Chathair Londan i ndlúthpháirtíocht le stailceoirí ocrais Ghníomhaireacht na Palaistíne is iad na hÉireannaigh is mó a aithnítear, ag ardú an Trídhathaigh nó an Chéachta agus na Réaltaí taobh le bratach na Palaistíne. Nó fiú an ceann deiridh le ‘Saoirse don Phalaistín’ clóite trasna an stríoca bháin idir na dathanna.

Bhí na bratacha sin feiceálach i ngach léirsiú dlúthpháirtíochta Palaistíne i Londain, agus go minic le feiceáil i ngrianghraif d’ailt sna meáin chumarsáide. Nuair a bhí Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh) as Kneecap, ar triail i Londain, d’eagraigh na Gaeil trí sheisiúin ceoil Ghaelaigh sráide lasmuigh den chúirt.

Go gairid tar éis do na bratacha sin a bheith le feiceáil ar shráideanna Londan thosaigh roinnt de na gníomhaithe Éireannacha ag tabhairt The Irish Brigade orthu féin. I gceann de na máirseálacha míosúla eagraithe ag an dream leathan Palestine Solidarity Committee (PSC), d’eagraigh an Bhriogáid a rannóg féin le meirge agus plaiceaird ag tacú leis na stailceoirí ocrais, ach níor eagraigh an PSC aon ghníomh fúthu siúd go dtí go raibh cuid de na stailceoirí beagnach 50 lá gan bhia.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.