| An Ghaeltacht (Ciarraí) | 2-12 (18) |
| Achadh Bolg (Corcaigh) | 1-8 (11) |
Cóilín Duffy
Lean forlámhas Chiarraí i bpeil idirmheánach na gclubanna ar aghaidh Dé Sathairn agus craobh na Mumhan ag an nGaeltacht tar éis dóibh Achadh Bolg a shárú le seacht gcúilín i gcluiche ceannais na Mumhan i bPáirc Mhichíl Neville, Ráth Caola. Bhí 1,216 de lucht tacaíochta i láthair don chluiche agus ba é seo an seachtú craobh déag de Chúige Mumhan ag clubanna Chiarraí as naoi n-iarracht déag sa ghrád seo.
Ba í seo an dara craobh Mhumhan don Ghaeltacht le hocht mbliana, agus anois tá cluiche leathcheannais uile-Éireann rompu in aghaidh na Sollán (Cill Dara) nó Thobar Chláir (an Iarmhí).
Bhí an chéad leath an-chothrom agus an-drámatúil. Cé go raibh buntáiste láidir gaoithe ag Achadh Bolg, ba iad an Ghaeltacht a bhí i gceannas ar an liathróid. Bhí a gcéad seans ag an nGaeltacht go luath nuair a shábháil cúl báire Achadh Bolg, Seán Ó Buachalla, urchar ó Thomás Ó Sé.