Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, na cinntí maoinithe is deireanaí atá déanta aige don bhliain 2025 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar raon leathan d’ábhar agus fuair 15 thionscadal san iomlán maoiniú. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG léiriú agus craoladh ábhair ardchaighdeánaigh i nGaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le lucht féachana i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin, agus cuidiú le hearnáil léiriúcháin áitiúil na Gaeilge a fhorbairt.
Fuair Below the Radar maoiniú le Sléibhte a léiriú do TG4 agus S4C. Sa mhionsraith faisnéise seo, fiosraítear na naisc idir pobail na sléibhte ar fud na cruinne, fitear le chéile scéalta fán teacht aniar, féiniúlacht agus oiriúnú. Beidh Saol na Feirme, arna léiriú ag Strident Media do RTÉ, ar ais don tríú séasúr. Sa tsraith shiamsaíochta fhíorasach seo, ceaptar gnéithe de shaol na bhfeirmeoirí in Éirinn a bhíonn thuas seal agus thíos seal, agus iad ag streachailt leis an athrú aeráide agus aimsir nach féidir a thuar, agus iarracht á déanamh acu slí bheatha a bhaint amach ag an am chéanna. Bronnadh maoiniú ar Imagine Media do Ón tSeanchill Go San Lorenzo do BBC Gaeilge. Feicfidh an lucht féachana an Dr Ian Malcolm ag dul i mbun ról an bhleachtaire ADN, agus nochtfaidh sé scéal atá faoi cheilt fá ghrúpa de radacaithe óga Protastúnacha as tuaisceart na hÉireann, a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne, agus a fuair bás, taobh lena gcomrádaithe Caitliceacha.