D’fháiltigh an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, roimh cheadú oifigiúil do phleananna agus do bhuiséid 2026 Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a reáchtáladh i gCampas Síochána Mhuineacháin. Bhí an tAire Pobail, Gordon Lyons CTR, mar chathaoirleach ar an gcruinniú, agus bhí an tAire Sóisearach, Aisling Reilly CTR, chomh maith le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht teanga, i láthair.
Agus é ag druidim le 2026, tá buiséad comhaontaithe €20 milliún ceadaithe don dá eagraíocht, rud a chuideoidh leo leanúint de chur chuige straitéiseach i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus na hUltaise. Ceadaíodh freisin pleananna corparáideacha 2026–2028, a leagann amach spriocanna agus treoir straitéiseach don tréimhse trí bliana atá rompu.
Ina theannta sin, cuirfidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú imfhálaithe ar fáil do thograí ar leith in 2026. Áirítear leis seo os cionn €2 mhilliún breise do chláir agus gníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge, lena n-áirítear méadú stairiúil ar bhuiséad Chlár na Leabhar Gaeilge go €2 mhilliún, an leibhéal is airde riamh don earnáil foilsitheoireachta Gaeilge.
Beidh €200,000 breise ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise le gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcontaetha teorann mar Dhún na nGall, Muineachán agus an Cabhán, agus cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do thograí níos faide ó dheas de réir riachtanas.
Dúirt an tAire Calleary tar éis an chruinnithe go dtugann an cinneadh seo “cinnteacht agus leanúnachas don dá áisíneacht, agus do na heagraíochtaí agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann leas as na scéimeanna tacaíochta a sholáthraíonn siad.” Mhol sé an obair thábhachtach atá ar bun maidir le forbairt pobail, caomhnú teanga agus tacú le tionscadail chruthaitheacha.
Beidh an chéad chruinniú eile den Fhoras Teanga Thuaidh/Theas ar siúl in earrach 2026.