Tá sé tráthúil go bhfuil an feachtas Trasna na dTonnta ar siúl an tseachtain seo, mar is é an feachtas sin atá ag cur i gcuimhne dúinn nach teanga bheag í an Ghaeilge, ach teanga dhomhanda le pobail bhríomhara scaipthe ar fud an domhain mhóir. Nuair a fhéachaimid thar theorainneacha na hÉireann, feicimid fírinne dhearfach nach mbíonn i gceist leis an bplé intíre go minic, go bhfuil an Ghaeilge ag neartú lasmuigh den tír, agus go bhfuil an diaspora anois ar thús cadhnaíochta in athbheochan na teanga.

Is é croílár Trasna na dTonnta an nasc daonna, an mhian sin atá i gcónaí ag Éireannaigh thar lear ceangal a choinneáil lena bhféiniúlacht, lena gcultúr agus lena dteanga. Tá imeachtaí ar siúl i Londain, Nua-Eabhrac, Melbourne, Toronto agus go leor áiteanna eile, agus iad ag cruthú spásanna nua do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí bualadh le chéile, comhrá a dhéanamh agus an Ghaeilge a thabhairt go dtí na sráideanna, na caiféanna agus na spásanna poiblí is iargúlta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.