Cathal Ó Murchú
Gearradh pianbhreith trí bliana i bpríosún ar dhílseoir darb ainm John Wilson tar éis gur ciontaíodh é i gcúirt i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair seo caite as ionsaí a rinne sé ar chumann CLG in oirthear Bhéal Feirste i mí Lúnasa 2020. Is as Bóthar an Bhrainil Íochtarach in oirthear Bhéal Feirste an fear seo atá 59 bliain d’aois agus caithfidh sé leath de na trí bliana i ngéibheann agus leath eile scaoilte amach ar ceadúnas. Dúirt an Breitheamh Gordon Kerr, “cé nach gníomh sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, is cinnte go raibh sé seicteach agus déanta ar mhaithe le himní agus buairt a chothú ina measc siúd atá bainteach leis an gcumann nua seo.”
Le linn an ionsaithe d’fhág Wilson dhá bhuama píopa thútacha ar bhoinéad gluaisteán páirceáilte ar láthair thréanála a bhí in úsáid ag Cumann CLG Oirthear Bhéal Feirste. Ansin chuir sé glaoch éigeandála 999 ar na póilíní i dtaobh na mbuamaí ó fhón poiblí íoctha. Ghabh na póilíní é an lá dar gcionn.