Deireadh seachtaine mór do Chiarraí le foirne Dhaingean Uí Chúis agus na Gaeltachta faoi fhad scairte chraobhacha na Mumhan

Cóilín Duffy

Tá deireadh seachtaine fíorthábhachtach romhainn i gcraobhchomórtas club peile na Mumhan, agus dhá chluiche a rachaidh go mór i gcion ar phobal peile Chiarraí agus Chorcaí araon. Dé Domhnaigh i Staid Semple i dTiobraid Árann tabharfaidh Daingean Uí Chúis aghaidh ar Chumann Fionnbarra Naofa ó Chathair Chorcaí (Beo ar TG4), agus iad ar thóir a gcéad chraobh riamh sa ghrád sinsearach. Dé Sathairn i bPáirc Mhichíl Neville, Ráth Caola, cuirfidh an Ghaeltacht a gcás chun cinn i gcluiche ceannais idirmheánach na Mumhan, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Achadh Bolg ó Mhúscraí (Beo ar Clubber TV). Deireadh seachtaine a bheas lán de stair, de chuimhní agus de mhisneach, agus dhá chlub i gCiarraí ag iarraidh dul níos faide ar aistear atá ar eolas acu cheana féin.

Dhá bhliain ó shin, ar lá a raibh báisteach, gaoth agus cruatan ina gcuideachta, chaill Daingean Uí Chúis craobh na Mumhan i gcoinne Ghleann Bearcháin. Bhí sé géar, cruálach agus níor bhain siad ag deireadh na hoíche. Ach ní mar sin atá cúrsaí i mbliana. Ní foireann iad atá ag teacht aniar le cúl ag an nóiméad deiridh iad, ach is curaidh Chiarraí iad, tá siad staidéarach tomhaiste stuama.

Meallfaidh scéal mór eile aird lucht féachana ar an gcluiche seo. Tá Mark O’Connor ar fáil arís don chontae agus don chlub, agus ní rud beag é sin. Cé go bhfuil sé faoi chonradh leis na Geelong Cats san Astráil, tá cead tugtha dó filleadh abhaile agus imirt lena mhuintir i gCiarraí. Agus imirt a dhéanfaidh sé. Bhí O’Connor ríthábhachtach sa chluiche ceannais, sa séú babhta, agus i gcluiche leathcheannais na Mumhan i gcoinne Mhungairit Naomh Pól. Níl meath orthu ó shin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.