Dea-scéal don eite chlé atá sa phobalbhreith is deireanaí de chuid Ireland Thinks a foilsíodh san Sunday Independent an tseachain seo caite.
Dar leis an bpobalbhreith seo tá tacaíocht 24% ag Sinn Féin, an líon is mó ag aon pháirtí, in éineacht le 8% ag na Daonlathaithe Sóisialta, 5% ag Páirtí an Lucht Oibre, 3% ag Pobal seachas Brabús agus 2% ag na Glasaigh. Sin 42% ag na páirtithe go léir a luaitear mar chuid den chlé aontaithe.
Ní bheidh siad in ann ceannas an rialtais a bhaint ar an bhfigiúir sin, ach tá siad ag dul sa treo ceart.
Ar an taobh eile tá 20% ag Fianna Fáil agus 17% ag Fine Gael, an líon is ísle ag an bpáirtí sin le deich mbliain anuas. Tugann sé sin 37% dóibh le chéile.
Tá 11% ag na neamhspleáigh, agus bíonn an chuid is mó díbh siúd fabhrach don eite dheis is don rialtas. Dá seasfadh siad go léir leis an rialtas bheadh 48% ann, ach, ar ndóigh, ní féidir brath ar an dream seo agus cuid mhaith acu sásta margadh a dhéanamh le taobh ar bith.
Taobh amuigh den dá champa sin, tá Aontú agus Éire Neamhspleách, agus 5% faoi seach acusan. Ag an deireadh thiar is é sin le rá gur ag an dá pháirtí seo a bheidh an guth cinniúnach.
Bíonn an dá pháirtí coimeádach i dtaobh cúrsaí sóisialta, ach ag claonadh chun clé i dtaobh n a heacnamaíochta. Ar ndóigh, i gcás Aontú, tá droch-chaidreamh ar fad idir iad agus Sinn Féin. Tarlaíonn sé go minic gurb í an scoilt is deireanaí an scoilt is nimhní.
Ach maidir le polasaí eacnamaíochta, ní ceart go mbeadh aon deacracht mhór ag an eite chlé leis an dá pháirtí seo.
Tá a lán idir muid agus an toghchán, cinnte, ach ar na figiúirí reatha is féidir bealach chun ceannais a fheiceáil, más féidir leis na páirtithe seasamh le chéile agus tosaí ag obair ar chlár aontaithe a chur le chéile.
Mar sin féin, tá cibé aontacht atá le feiceáil lag go leor ar a lán bealaigh. Ní bheidh sé éasca aontacht a fháil ar son neodrachta agus i gcoinne ECAT agus cinnte i gcoinne pholasaí míleata an AE.
Agus san fhadtéarma ní féidir clár radacach a chur i bhfeidhm gan dul i gcoimhlint leis an margadh agus leis an múnla eacnamaíochta atá i réim sa tír ó na caogadaí ar aghaidh, ach múnla a bhfuil a bhunús ag titim as os comhair ár súl anois féin.