Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Tar éis úsáid an rásúir bíonn d’aghaidh mar seo (8)
6. Bíonn seo de dhíth chun go mbeidh Nollaig bhán ann (8)
12. Duine a bhíonn corrthónach nó dobhareach sa láib (10)
15. Searmanas chun marbhán a chur nó a chréimeadh (8)
17. Racht nó taom (5)
18. Al Capone nó Dean O’Banion cuir i gcás (10)
20. Mí dheireanach an tsamhraidh (4)
21. Luach: is _ _ _ an t-airgead é (3)
22. Crann dorcha síorghlas a bhíonn le fáil go minic i reiligí (3)
23. E, í, _ _ _ (3)
24. Talamh sléibhe nó portaigh (5)
26. Eangach bheag (7)
28. Tagann sé amach as do bhéal mar dhé-ocsaíd charbóin (5)
29. Deir Daidi na Nollag an focal seo trí huaire nuair a bhuailtear leis (2)
31. Téad atá déanta as tuí (5)
33. Ráithe na laethanta fada (8)
36. Cuid d’amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann (3-3)
37. Bíonn an duine seo ag cosaint na gcaorach nó ag bagairt na dteachtaí dála (5)
38. 24 uair an chloig (2)
39. Bandia Rómánach an ghrá agus an dara pláinéad ón ngrian (5)
41. Scanradh uafásach (6)
43. Rud a dhéanann duine go rialta agus go minic (4)
45. Diamhair (5)
48. Daoine a scríobhann leabhair (5)
49. Bí cinnte go bhfuil an tine marbh ag deireadh na hoíche: _ _ _ _ í (4)
50. Fuascail (6)
51. Comhbhá le duine atá faoi bhrú (4)
52. Is é Corrán Tuathail an _ _ _ _ _ _ is airde in Éirinn (6)
53. Teann
54. Mura dtaitníonn an turcaí leat is féidir an t-éan seo a ithe um Nollaig (2)
55. Faigheann tú é seo ar an nguthán (6)
58. Tír gan Teanga, tír gan _ _ _ _ (4)
59. Tar éis: roimh nóin agus _ _ _nóin (3)
61. I rith na Nollag bíonn na leanaí ar _ _ _ _ _ _ ón scoil (6)
63. Daoine ar féidir leo an iomad rudaí a dhéanamh, is daoine _ _ _ _ _ _ _ _ _ iad (9)
64. Oileán amach ó chósta Chiarraí _ _ _ _ _ _ Mhíchíl (6)
65. Seasamh le (4)
66. An gníomh a dhéantar nuair a chaitheann tú airgead ar rud (11)
71. Duine a bhfuil a lán le rá aige bíonn sé mar seo (9)
72. Toradh súmhar milis. Is féidir é a ithe nó a ól mar shú (7)
74. Bionn ar dhaoine í seo a dhéanamh chun airgead a fháil (5)
75. Máthair do mháthar nó máthair d’athar (4)
76. Nuair is féidir leat rud a bhogadh is rud _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ é (11)
79. Cuir an liathróid i gcúl na heangaí agus beidh seo agat (3)
81. Geal nó glé nó cosúil le leannán Oisín (9)
82. A lán airgid nó ór rudaí luachmhara curtha i bhfolach (6)
83. Éirimiúil (6)
84. Suíochán ar crochadh, nuair a bhrúitear an daone atá ina shuigh air théann sé anonn is anall (7)
85. Buille ar an doras nuair atá duine ag iarraidh teach isteach (4)
86. An t-airgead breise a fhaigheann tú má tá rath ort sa mhargadh (6)
87. Duine nó sprid (5)

Síos

1.  Cuireann tú dramhaíl isteach ann (5,8)
2. Galar (5)
3. Féach i ngach treo sula dtéann tú _ _ _ _ _ _ bhóthair (6)
4. Focal a cháilíonn focal eile, beag, cuir i gcás (8)
6. An t-alt is lárnaí i nuachtán ina dtugtar tuairimí an eagarthóra (11)
7. Bíonn an Nollaig á _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ againn gach bliain (10)
8. Mé, _ _, sé, sí (2)
9. 2026 (2,7,3,8)
10. Na chéad 31 lá den bhliain nua (6)
11. Cruinniú nó teacht le chéile chun rud a dhéanamh (7)
13. Oileán amach ó Chontae Dhún na nGall (7)
14. Rugadh é i mBeithil fadó de réir Mhatha agus Lúcáis (4,6)
16. Trí _ _ _ _ agus deich = 70 (4)
19. Téann na báid farantóireachta chun na Fraince ón gcalafort seo i gContae Loch Garman (3,4)
25. Dialann liteartha, _ _ _ lae (3)
27. Cathair in Tennessee a bhfuil clú uirthi i dtaobh an cheoil tuaithe (9)
30. Amhrán faoi Ghráinne Ní Mháille arna athchóiriú ag Pádraig Mac Piarais (3,2,2,7,7)
32. Féasta an phósta (6)
34. Gabhar baineann (8)
35. Cónasc sa mhodh coinníollach (2)
40. Tá an toradh seo go hálainn le huachtar (iolra) (5,5)
41. Mura bhfuil sé seo agat, conas a thiocfaidh Daidí na Nollag isteach sa teach? (7)
42. Bróg an chapaill (3)
44. Sásamh agus taitneamh (4)
46. Duine as an tír atá faoi ionsaí ag an Rúis (8)
47. Leannáin mhiotaseolaíochta na bhFiann, _ _ _ _ _ _ _ _ agus Gráinne (8)]
52. Níl gá leis seo má chónaíonn tú i teach aon urláir (8)
56. An ceannaire is mó ar Éirinn uile roimh na Normannaigh (5)
57. An dara cathair is mó in Éirinn (4,7)
60. Gaeltacht na Mí (4,5)
62. An té atá ionraic tá a bhfuil ráite aige _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ (10)
67. Tar éis dó dul _ _ _ _ _ , bhí sé amuigh (5)
68. An siúnta idir dhá chnámh sa chorp (3)
69. Néalta thuas sa spéir (8)
70. Dúthrachtach (don chúis, don obair) (8)
73. Brú chun cinn nó ionsaí a dhéanamh le scian (2)
76. Tuairsc, ráfla nó caint faoi rud (5)
77. Cearc óg (5)
78. Ganntanas (5)
80. Log mór sa talamh atá lán d’uisce (4)

Freagraí ar Crosfhocal #60

TRASNA: 1. Alcólaigh gan Ainm 9. Ógh 11. Nairciseas 12. Ról 13. Úspánta 14. Inaistir 17. Dua 18. Sail 19. Sínitheoir 20. Teith 23. Cneasa 24. Imdháiltear 29. Oir 30. Liomóg 31. Scealpóg 32. Roschoill 33. Liodán 35. Fíoncheannaí 37. Coganta 38. Ní thig liom
SÍOS: 1. Ainteas 2. Caidirne 3. Lachanta 4. Gasúr 5. Neipeal 6. Ionnaltán 7. Móra duit ar maidin 8. Shleamhnaigh 10. Gó 15. Steall 16. Imithe 21. Forchás 22. Siosarnach 23. Cúláil 25. Mic 26. Dreasaigh 27. Áilghean 28. Tógálaí 34. Bhog 35. Fan 36. Íoc
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.