Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
2. Aisteoir Ceanadach, réalt an scannáin John Wick (5,6)
7. Duine atá lán dó féin agus sotalach chomh maith (7)
9. An stéig mhór (7)
10. An áit i Sasana inar rugadh William Shakespeare: Stratford on _ _ _ _ (4)
11. Plódaithe (10)
12. Ócáid iomaíoch ina léiríonn na buachaillí bó a scileanna (6)
15. Tar éis, giorrúchán de (5)
16. Dúil (4)
18. Ball éadaigh a chaitheann tú nuair a théann tú amach (4)
19. Giotaí d’fheamainn a bhíonn ina luí thart ar an trá (8)
20. Ná hith an toradh go dtí go bhfuil sé mar seo (4)
21. Cruacheist (5)
23. Strailleán gruaige (5)
26. Cónaí i dteach nó a bheith lonnaithe i bhfoirgneamh (8)
27. Na blianta nuair nach féidir leis an duine óg conradh a shíneadh, agus mar sin de (8)
29. Bacach: ag _ _ _ _ _ _ _ _ (8)
30 Staitisticí, ginideach (9)
32. Cé chomh fada is féidir leat fanacht faoin uisce gan é seo? (3)
34. Cnead (7)
35. Bíoma adhmaid (6)
36. An bhfuil? Freagra diúltach (3)
37. Gan bheith nasctha (11)
Síos
1. Tosaíonn sé ar an Late Late Show gach Aoine (7,1,7)
3. Saghas crainn ón tSíle agus ón Airgintín a bhfuil cruth aisteach air (6)
4. Uirlis a úsáidtear sa Mhatamaitic, bionn sé sa bhosca leis an gcompás (9)
5. Carr ón tSualainn (5)
6. Cónaíonn na mílte agus na mílte acu le chéile i nead, ceann amháin (7)
8. Scléip (8)
9. Fealsúnaí Caitliceach Gaelach sna meánaoiseanna (4,6)
13. Stór airgid a úsáidtear chun rudaí beaga a cheannach (9)
14. Roisín crainn iontaisithe (4)
17. Ag bagairt (2, 8)
22. Deacracht nó buairt (7)
24. An bhfuil? Freagra dearfach (2)
25. Clúdach cinn atá mar chuid de chóta nó geansaí (7)
28. Bogadh ón gceantar ina bhfuil tú i do chónaí go ceantar eile (6)
30. Iasc mara beag de chlann an scadáin (5)
31. Méith (5)
33. Comhartha nó tuar (4)
34. Cúis (4)
Freagraí ar Crosfhocal #57
TRASNA: 1. Agaill 3. Tíreachas 8. Dúdálaí 10. Coileach 13. Teilifíseán 15. Crágaí 16. Seinge 17. Eacha 19. Ampla 21. Tiargáil 22. Scoth 23. Othar 24. Cormac 26. Suaill 29. Íobairt 32 Neamh 34. Tál 35. Úiré 36. Cruthúnas 37. Ailiúnas
SÍOS: 1. Ardathair 2. Andairneacht 4. Íocleasaigh 5. Aill 6. Súilíneach 7. Fíbín 9. Láirge 11. Airgead scoit 12. Huga 14. Neiptiún 18. Cranda 20. Proiméitéas 21. Trasuigh 23. Oibríoch 25. Coileán 27. Lúnasa 28. Uaill 30. Brus 31. Tine 33. Húdú