Cónaitheacht Heinrich Böll á bronnadh ar na healaíontóirí Gaeltachta Laoighseach Ní Choistealbha agus Séamus Ó Flatharta 

Bronnadh Cónaitheacht Heinrich Böll d’Ealaíontóirí Gaeltachta ar an fhile Laoighseach Ní Choistealbha agus ar an cheoltóir, fonnadóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta an tseachtain seo. Seo cónaitheacht a bronnadh den chéad uair, i mbliana. 

Tá an chónaitheacht á cur ar fáil mar gheall ar chomhpháirtíocht nua idir Ealaín na Gaeltachta agus Cumann Heinrich Böll, agus tabharfaidh sí deis d’ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht coicís a chaitheamh i dTeachín Heinrich Böll in Acaill sa bhliain 2026.  

Labhair Ceara Conway, Áisitheoir Ealaíon Chonnacht & Chontae na Mí, faoi sprioc na scéime, ag rá, “Is tréimhse chónaitheachta í seo d’ealaíontóirí Gaeltachta a bhíonn ag obair agus ag cruthú trí mheán na Gaeilge. Tugann an chónaitheacht spás agus am d’ealaíontóirí iniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid cleachtas. Táimid ag súil go mór leis na saothair a thiocfaidh as an deis uathúil seo.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.