A eagarthóir a chara,
Tá an Nollaig buailte linn!
“Le coinnle na n-aingeal
Tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc.
Adaigh an tine is téir chun na leapan
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht”
Tá sceitimíní san aer, tá na siopaí lán, muintir an tí ag ullmhú don lá mór ,na sagairt ag cur na bpaidreacha le chéile ,ag súil le slua.
Tá taobh eile ar an scéal. Sraith daoine i málaí codlata, i scata cathracha, leata leis an bhfuacht,gan faoiseamh.
Sa Phailistín tá tuile, na daoine bochta ag iarraidh codladh agus a n-áiteanna codlata scriosta, agus “sian ón F-16”, gléasanna marfacha Iosrael.
Sna foirgintí galánta agus na páláis sa Bhruiséil tá daoine ná fuair ár bhóta, ag déanamh seifteanna cogaidh, agus aire eachtrach nua-thofa ó Éirinn dhá mhealladh acu chun an glas triarach a bhriseadh, ár neodracht luachmhar. An bhfuil éinne chun fóirithint ar Éirinn bhocht? Ár gcuid airgid agus ár gcuid saothair dhá chur amú go mailíseach ar chogaí tíortha eile. Caithfear stad a chur leis seo.
“Fágtar an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht….”
Go raibh Nollaig mhaith againn go léir, agus go dtuga Dia ciall do lucht an toirmisc.
Le meas,
Máire Úna Ní Bheaglaoich,
Aonach Mhargadh na Feirme,
BÁC 7
A Eagarthóir a chara,
Táim dubh dóite ag éisteacht leis an Aire Gaeltachta ag déanamh faic faoi na Treoirlínte faoi Phleanáil Tithíochta agus tá sé ar a chomhairle féin. Bhí mé ag éisteacht leis ar agallamh tar éis agallamh Raidió na Gaeltachta ar feadh na míonna ag rá go bhfuil sé ag obair go dian agus ba mhaith leis na rialacha go cruinn sula bhfoilseoidh sé iad.
Beimid ag fanacht ó dhá mhíle is a fiche haon ar son dréacht-Treoirlínte faoi Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht agus leanann an t-aire ag tabhairt na cluaise bodhaire orainn.
Is doiligh a chreidiúint gur ceapadh é mar an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mí Eanáir i mbliana.
Tá pleanáil le haghaidh forbairt tithíochta pleanáilte le haghaidh aon teach is fiche i nGaeltacht Mhúscraí i bhforbairt darb ainm Cluain Réidh gan aon choinníollacha teanga agus chomh maith leis sin tá sé ag tarlú fud fad na háite.
Má fheicim ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí is é miondealú chomhairleoirí na bpáirtithe polaitiúla ná:
- Fine Gael x18
- Fianna Fáil x16
- Neamhspleách x8
- Éire Neamhspleách x4
- Daonlathaithe Sóisialta x3
- Lucht Oibre x2
- Sinn Féin x1
Bhreathnaigh mé ar Seacht Lá ar TG4 aréir agus chuala mé Gobnait Moynihan ag clamhsán nach bhfuil aon ghá ann caighdeán Gaelainne a fháil. Chomh maith leis sin beidh cás os comhair na hardchúirte faoi sin.
Is é an fadhb is mó i gCorcaigh nach bhfuil aon rud sa Phlean Forbartha Contae ach le pairtí rialtais faoi smacht sa chomhairle contae caithfidh tú a fhiafraí cén fáth nach bhfuil níos mó brú ann chun é a athrú.
Le meas,
Daithí Fay,
Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
A Eagarthóir a chara,
Deir an Eagraíocht Eurofound, an foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, an méid seo a leanas;
“Eurofound’s website is multilingual, to the following extent.
Multilingual navigation is available throughout the website.
A number of top-level landing pages are translated into all languages. ‘All languages’ refers to all 24 official languages of the EU, apart from Irish and Maltese, for which translation has been limited due to very low uptake. The same applies to selected key pages, such as the ‘About Eurofound’ content and pages relating to Eurofound surveys. The data visualisation tool presenting survey data is available in all languages.” (Tagairt https://www.eurofound.europa.eu/en/pages/language-policy)
Mirable dictu, deir Eurofound i mBéarla, “Urramaíonn Eurofound ról an ilteangachais maidir le cumarsáid a dhéanamh ar fud an AE agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le muintir na hEorpa a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis ina dteangacha féin.”
Le dea-ghuí,
Éamonn Ó Gribín
I.S.