A Eagarthóir, a chara,

Tá pobal Gaza ina gcónaí i bpobail faoi uisce, agus tuilte thart orthu, i measc a gcuid tithe leagtha go talamh. Tá buamaí agus saighdiúirí iosrael ag marú fear, ban agus páistí gach lá, agus easpa bia, cóir leighis agus gach rud beo atá ag teastáil don saol laethiúil á gcosc orthu ag  Iosrael agus a gcomhghuaillithe.

Tá iontas orainn go bhfuil aoinne beo san uafás seo go léir, agus ar ndóigh tá go leor ag fáil bháis gach lá. Tá pobal an Bhruaigh Thiar sa Phailistín á gcaitheamh amach as a dtithe agus talamh gach lá freisin, agus má dhiúltaíonn siad, maraítear iad, nó caitear sa phriosún iad. Tá ar a laghad 20,000 sa phríosún ag Iosrael, go leor páistí ina measc.

Agus muidne in Éirinn ag ceiliúradh na Nollag agus ag baint sult as féile mhór an gheimhridh, is briseadh croí é smaoineamh ar an bpobal bocht sa Phailistín, agus muid ag breathnú orthu gach lá ar ár scáleáin. Caithfimid ceist a chuir orainn féin céard is féidir linne mar dhaoine aonair a dhéanamh dóibh an Nollaig seo.

Thug milliún duine a gcuid vótaí dár nUachtarán nua, Catherine Connolly, le déanaí, agus í ag cur an-bhéim ar fhulaingt phobal Gaza. Caithfimid bealach a aimsiú chun a chur ina luí ar ár bpolaiteoirí agus ceannasaithe, go háirithe ar an rialtas, go mbeidh cinedhíothú Gaza ina cheist mhór i ngach toghchán sa stát, agus go gcaithfidh siad fíoriarracht a dhéanamh síocháin agus cearta a fháil do na daoine atá faoi chois ann.

Ar an drochuair, tá formhór na stát san AE, agus Sasana freisin, ag tacú le cinedhíothú Gaza.  Rinne rialtas na 26 contae, le ceithre stát eile, iarracht polasaí an AE a athrú ar Gaza, ach theip orthu. Agus sinn i mbun Uachtaránacht an AE in 2026, caithfimid gach iarracht a dhéanamh chun Gaza a chur i lár an aonaigh, agus gach brú, an veto san áireamh, a úsáid maidir leis seo.

Níl aon mhaitheas i bhfimínteacht agus cur i gcéill ón rialtas anseo a thuilleadh.  Caithfidh muid a thaispeáint, mar shliocht a tháinig ó dhaoine a ndearnadh scrios agus cinedhíothú orthu, go mbeimid ag seasamh le muintir Gaza agus an Bhruaigh Thiar i gcoinne an tslada atá á n-imirt orthu.

Le meas,

Proinsias Ní Mhurchú
Ionad Buail Isteach na Gaeilge
BÁC 2

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.