A Eagarthóir, a chara,
Cén fáth nach raibh Zelenskyy ag dul i dtreo Mhoscó ag iarradh síocháin a phlé, seachas a bheith anseo? Tháing sé anseo le cumadh teimhil (bhí drochiompar ag a chomhairleor, Andriy Yermak, sílim, le déanaí) chun aiséirí arís le lútáil ar ár rialtas agus ar an bhFrainc!
Bhí an chuairt seo in aghaidh thoil thromlach ár ndaonra agus ag tabhairt achasán, arís is arís eile ar thír neodrach.
Má tá airm éigin ag teastáil, nach í an tír neodrach seo an rogha faoi chead na Náisiún Aontaithe agus UNIFIL, trí phróiseas an ghlais thriaraigh agus síocháin a choiméad go leanúnach idir an Ucráin agus an Rúis. Tá an lámh laidir ag an Rúis anois agus beidh síocháin ann go luath, le cúnamh Dé
Ach caithfimid an tAontas Eorpach agus ECAT a choimeád amach, mar is écogadh leanúnach an sprioc acu, faraor.
Mar sin ní oireann an chuairt seo liom in aon chor. Síocháin bhreagach, i mo thuairim.
Tadhg Ó Cruadhlaoich,
Breachnach, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara