
Bhí ceiliúradh ar siúl san ionad pobail i nDroim an Fhia i gCeatharloch maidin Dé Domhnaigh, an seachtú lá de mhí na Nollag. Bailíodh muintir na háite le chéile ar an lá chun gaiscí an choiste Gaeilge a cheiliúradh. Maidin spraíúil agus speisialta a bhí ann agus bhí téama na Nollag lárnach san ócáid, le fear sneachta ann mar aoi, a chuir fáilte roimh na páistí agus a thug milseáin dóibh. Cuireadh sólaistí, cáca, tae, agus caife ar fáil do chách, agus is léir ó na pictiúir go raibh am iontach agus spraíúil ag gach duine a bhí i láthair.
Bhí go leor siamsaíochta ann ar an lá, ag tosú le comórtas dathúcháin do na páistí, agus fuair gach duine a ghlac páirt duais bheag, leis na buaiteoirí ag fáil duais sa bhreis. Ghlac gach duine idir shean agus óg páirt i gcluiche biongó trí Ghaeilge ina dhiaidh sin, nuair a d’fhoghlaim gach duine focail nua Gaeilge a bhaineann leis an Nollaig!
Seinneadh ceol traidisiúnta, agus taispeánadh cúpla céim rince sean-nóis do na páistí a bhí i láthair. Bhí an-chraic acu agus bhain siad an-sult as. Thug aoi speisialta eile, Richie Kavanagh, cuairt ar an ócáid chomh maith. D’inis sé scéalta agus chan sé cúpla amhrán lena gharmhac CJ. Bhí an-chraic ag an slua leis an amhrán Aon Focal Eile, toisc go raibh sé ar eolas ag cách.
Ba é an rud is tábhachtaí ná gur seoladh an leabhrán nua Gaeilge i mo theach ar an lá, a chruthaigh an coiste Gaeilge. Taispeánadh an tsárobair agus an iarracht ar fad a cuireadh isteach sa leabhrán, agus míníodh cad atá i gceist leis, ó fhrásaí úsáideacha, go lipéid do na seomraí éagsúla sa teach. Tugadh leabhrán do gach duine a bhí ann ar an lá, agus tabharfar leabhrán saor in aisce do gach teach sa pharóiste chun úsáid laethúil na Gaeilge a spreagadh i measc mhuintir na háite.
Is léir gur éirigh go han-mhaith leis an maidin agus go raibh sé an-taitneamhach do gach duine a bhí ann.