Cearta daoine trasacha: Minneapolis ar thús cadhnaíochta

Aindrias Ó Cathasaigh

Leathchéad bliain ó shin, baineadh cloch mhíle amach in aistear chearta an duine nuair a ghlac cathair Minneapolis sna Stáit Aontaithe leis an gcéad dlí ariamh a chuir cosc ar leithcheal ar dhaoine trasinscneacha.

Tá stair fhada ag daoine trasinscneacha i Meireacá Thuaidh. Roimh theacht na gcóilíneach, ba chuid dhílis de phobail dhúchasacha iad daoine nár bhain le inscne bhaineann ná fhireann. Tá taifead ar shaighdiúirí trasinscneacha i gcogadh cathartha 1861-5, agus cuireadh tús le feachtasaíocht ar son cearta daoine trasacha faoi dheireadh an chéid sin.

Tháinig an ghluaiseacht chun cinn i gceart sna 1960í, mar chuid den ghluaiseacht mhór ar shon saoirse aerach, agus tharraing sí sin ar ghluaiseachtaí fuascailte na linne ar fud an domhain. D’éiligh léirsithe, picéid agus agóidí deireadh leis an leatrom ar dhaoine trasacha. Bhí gníomhaithe trasacha chun tosaigh in éirí amach Stonewall i Nua-Eabhrac in 1969 nuair a thug pobal LADTA na cathrach dúshlán na bpóilíní.

Lean an ghluaiseacht ar aghaidh, ach níorbh é 1975 an bhliain ab fhearr aici. Cuireadh toirmeasc ar phósadh comhghnéis i dtrí cinn de na Stáit Aontaithe, agus rinneadh an rud céanna thar lear sa tSomáil agus i gCúba. Bhí dul chun cinn á dhéanamh i Minneapolis, áfach.

Phós Jack Baker agus Michael McConnell ansin in 1971, an chéad lánúin chomhghnéis ar domhan a rinne pósadh oifigiúil, cé gurbh éigean dóibh troid sna cúirteanna chun aitheantas iomlán a fháil. Toghadh Baker mar uachtarán ar aontas na mac léinn in Ollscoil Minnesota an bhliain chéanna, an chéad duine aerach oscailte a rinne sin. Bhí McConnell ag obair i leabharlann na hollscoile, ach coinníodh ardú céime uaidh de bharr a ghnéasachta.

Bhí gníomhaíocht láidir ar siúl ag an bpobal LADTA in Minneapolis. Ba ann is túisce a baineadh leas as an bhfocal “bród” le ceart a sheasamh do dhaoine aeracha. Bhí grúpaí éagsúla i mbun oibre sa chathair, agus iad ag cur brú ar pholaiteoirí tacú lena gcúis.

I dtoghcháin na cathrach in 1973 vótáladh amach comhairle agus méara coimeádach, agus tháinig liobrálaithe i gcomharbacht orthu. Cé go ndearnadh iarrachtaí móra an seandlí a chaomhnú, in 1974 vótáil comhairle Minneapolis i bhfábhar dlí na cathrach a leasú chun leithcheal ar dhaoine de bharr “rogha cheana nó ghnéasach” (“affectional or sexual preference”) a chosc.

Níorbh fhada gur tháinig daoine trasacha chun cinn, áfach, ag rá nár thug an dlí nua seo cosaint dóibh féin. Dréachtaíodh leasú an bhliain dár gcionn a leathnaigh an cosc ar leithcheal chun daoine “a bhfuil féiníomhá acu nó a theilgeann féiníomhá nach mbaineann le fireannacht bhitheolaíoch nó baineannacht bhitheolaíoch an duine” (“having or projecting a self-image not associated with one’s biological maleness or one’s biological femaleness”) a thabhairt san áireamh. Ghlac comhairle na cathrach leis gan mórán cur ina choinne.

Dhá lá ina dhiaidh sin tháinig deireadh le téarma na comhairle sin agus atoghadh an t-iarmhéara coimeádach. Ach cé go ndearnadh gearáin faoin leasú, d’fhan sé i bhfeidhm agus tá sé ann le caoga bliain anuas. Agus ba in Minnesota in 1993 a tugadh isteach an chéad dlí ar bhonn stáit a thoirmisc leithcheal ar dhaoine trasacha.

Tá an taoide á casadh gan stad ag rialtas Donald Trump, áfach. Ar a chéad lá mar uachtarán i mbliana, shínigh sé ordú nach mbeadh aon ghlacadh oifigiúil le daoine trasinscneacha. Bhain sé maoiniú de thionscadail a chuidíonn leo agus d’oideachas fúthu. Chuir sé cosc orthu a bheith san arm, agus srian ar a bpáirt i gcúrsaí spóirt. Glanadh trácht ar dhaoine trasacha d’fhoilseacháin agus suíomhanna stáit.

Ní sna Stáit Aontaithe amháin atá a leithéid ar bun, ar ndóigh, agus polaiteoirí éagsúla ar fud an domhain ag aithris ar chaint agus gníomhartha Trump. Is iomaí cath a bhí le cur chun cearta daoine trasinscneacha a bhaint amach, agus beidh a thuilleadh ag teastáil lena gcosaint agus a gcur chun cinn.

Ar an 30 Nollaig 1975 a reachtaigh comhairle cathrach Minneapolis an chéad dlí a thug cosaint shonrach in aghaidh leithcheal ar dhaoine trasacha, leathchéad bliain ó shin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.