

An Nollaig sa Naigín le Ré Ó Laighléis
Léaráidí le Tatyana Feeney
Lá Nollag 1959. Tráthnóna. Mé sé bliana d’aois. An sneachta ina chóta geal clúmhach ar an ngairdín cúil. Brat tiubh bog á leathadh féin ina bhán, é ag spréacharnach trí’n ngrian ghéar chrua, áit a bhfuil an fhallaing fhuachta breactha le diamaint bheaga airgid gach anseo ’s ansiúd.
Gan den bhféar ar domhan a thuilleadh, agus maidir lena bhfuil de chrainn ann, tá siad sioctha reoite ar bhealach nach bhfuil feicthe ag súile an pháiste seo riamh cheana. Ar an uile ghéag orthu, tá círín ard sneachta a sheasann go righin dána agus a fhógraíonn go maorga glioscarnach gur leis an sneachta céanna an lá seo.
Mo shrón brúite le gloine na fuinneoige agus mé á bhreathnú, agus gach anois is arís, tá orm cufa mhuinchille mo gheansaí a charnú le mo chrobh agus m’anáil a ghlanadh den bpána, le nach millfear radhairc an iontais orm. Agus casaim mo shúile móra leathana isteach i mo chloigeann agus breathnaím i dtreo na spéire.
Gan smid de léithe scamaill ann. É chomh glan le hanam pháiste lá a Chéid Chomaoinigh. É chomh gorm mealltach sin go ndéantar ceangal idir é agus goirme mo shúile. An spéir chéanna iontach ard – an oiread sin d’airde ann is nach gceadódh meon an pháiste ionam a cheapadh go bhfuil aon srian lena réimeas. Agus, go deimhin, níl.
Cling cleaing an chloig i gclogás an chlochair chomharsana achar beag síos an bóthar uainn – é á fhógairt féin, é ag déanamh iarrachta ar m’aird a bhriseadh. Ar éigean a chloisim é, nó, má chloisim féin, ligim tharam é, amhail is nach ann dó – clochar, cleaing ná clog. Ach d’ainneoin sin, éiríonn leis an ngleo cur isteach fochoinsiasach éigin a imirt ar na smaointe orm, agus géaraím mo dhearc athuair.
Ar dhá ean ar dhíon na seide sa ghairdín cúil a thiteann m’amharc an babhta seo. Iad beag.
Go deimhin, ceann acu cuid mhaith níos lú ná an ceann eile. Spideog agus dreoilín, mura bhfuil dul amú orm. Cuimhním ar scéalta mo Mhamaí ina dtaobh, agus déanaim cantaireacht na Bailím cufa an gheansaí fós eile agus glanaim an brat anála den bhfuinneog den dara huair.
Dreoilín, Rí na nÉan; Dreoilín, Dreoilín, sonasach séan.’
Agus dallaim an radharc orm féin arís le ceo an asanálaithe, agus mé ag rá na bhfocal. Bailím cufa an gheansaí fós eile agus glanaim an brat anála den bhfuinneog den dara huair.
Iad ann i gcónaí – na héin. Agus an spideog, agus an chaoi, de réir mo mháthar, ar thit braon fola an tSlánaitheora anuas den gcrois uirthi agus d’fhág rian dearg an bhrollaigh uirthi go deo deo ina dhiaidh sin … go dtí an lá seo féin, go deimhin. É iontach mar bhraon fola, más ea, a deirim liom féin.
Iad spraíúil cleasach ar bharr na seide ’gus iad ag preabarnach agus ag gobaireacht leo ó áit go háit. Mias an bhidh agus na screamhóga aráin ann, áit ar fhág Mamaí amach dóibh iad níos luaithe ar maidin – iad sin is mó is cás leo.
Iad beag beann ar fad ar mise a bheith ag faire orthu.
Agus mé ag faire. Ag faire ar na héin, ag faire ar an ngairdín, ag faire ar an spéir. Agus sleamhnaíonn an tráthnóna leis go hoíche, agus, i ngan fhios dom, tagann Dia mór an chodlata anuas orm agus imríonn cleas an támhnéil ar m’intinn. Agus fágtar mé ansin, mo shrón brúite le taise na fuinneoige, m’anáil de shíor ag scaipeadh cheo ar an uile chuid den ghloine …
Don Oíche úd i mBeithil,
Beidh tagairt ar ghrian go brách;
Don oíche úd i mBeithil,
Go dtáinig an Briathar slán.
Tá gríosghrua ar spéartha
’S talamh ’na chlúdach bán;
Féach Íosagán sa chléibhín,
’S an Mhaighdean in aoibhneas grá’
Gan a dhath ar eolas agam faoi mo Dheaide a bheith do mo bhailiú isteach ina bhaclainn agus mé á leagan go mánla suaimhneach aige idir na bráillíní bána. Iad briosc bioranta bán, na bráillíní. Iad chomh geanmnaí le gile an tsneachta fhéin atá i ndiaidh dhraíocht úr bhreise a sheoladh chugam An Nollaig seo, agus mé in aois sé bliana.
Agus, in imeacht chodladh na hoíche, nuair a eitleoidh dreoilín agus spideoigín an bhrollaigh uaibhrigh uaim ar mhoing na dtaibhreamh, tiocfaidh an bháisteach ina feallaire agus glanfar an uile rian den sneachta gliondrach draíochta den ghairdín cúil.
Seó stáitse An Nollaig sa Naigín le Ré Ó Laighléis sa Riverbank Theatre, An Droichead Nua, ar oíche Dé hAoine an 12 Nollaig. (Cead Isteach SAOR, ach ticéad a dhéimhniú leis an Riverbank Theatre, 045-448 327 nó www.riverbank.ie)