Bronnadh Sparánachtaí COGG don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ag searmanas bronnta in Institiúid Oideachais Marino.

Bronnadh sparánachtaí COGG ar dhá mhac léinn déag atá ag dul don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), Conair lán-Ghaeilge, in Institiúid Oideachais Marino.

Maoinithe ag COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Oideachais Marino, bronnadh €2,000 sa bhliain ar gach mac léinn ar an gclár (€4,000 san iomlán). 

Is clár máistreachta dhá bhliain lánaimseartha é an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), clár a dhíríonn ar oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile trí mheán na Gaeilge, agus is tacaíocht shuntasach atá sna sparánachtaí seo do mhúinteoirí faoi oiliúint. Tá an chonair iarchéime ar fáil d’ábhair oidí ar mhian leo a bheith ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Is dul chun cinn suntasach atá sa chonair lán-Ghaeilge maidir le cur chun cinn agus forbairt an oideachais lán-Ghaeilge, conair atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus arna creidiúnú ag Coláiste na Tríonóide.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.