Bolscaireacht na cinnteachta; cén fáth nach bhfuil bua na Rúise in aghaidh na hÚcráine dosheachanta

Dara Ó Baoill

Deir Moscó arís agus arís eile gur ceist ama amháin é bua na Rúise san Úcráin. Tá an gheilleagar láidir, tá an t-arm ag brú chun tosaigh, tá an tIarthar tuirseach. Deir an Institiúid um Staidéar ar an gCogadh (ISC), sna Stáit Aontaithe, nach anailís neodrach é seo, ach brú síceolaíoch a bhfuil sé d’aidhm aige go ngéillfidh muintir na hÚcráine agus a gcomhghuaillithe. Deir an ISC go bhfuil óráidí Putin faoi fhás agus cobhsaíocht eacnamaíoch ceaptha chun “an scéal bréagach a neartú go bhfuil bua na Rúise ar an láthair chatha dosheachanta”.

Ach léiríonn na sonraí scéal eile. De réir mar atá tuartha ag an mBanc Domhanda, meastar nach mbeidh fás ach de thart ar 0.9% sa Rúis ag deireadh 2025, agus tugtar foláireamh go bhfuil blianta marbhántachta eacnamaíoch rompu amach, gan mórán seans go dtiocfaidh fás thar 1% in aghaidh na bliana go dtí 2028. Deir tuairisc ó Reuters go bhfuil na smachtbhannaí ag brú cuideachtaí Rúiseacha ar ais i dtreo bealaí babhtála sean-aimseartha. D’fhoilsigh Aire Eacnamaíochta agus Forbartha na Rúise treoir 14 leathanach in 2024 le comhlachtaí a spreagadh le babhtáil a úsáid mar ghléas trádála chun dul thart ar shrianta idirnáisiúnta.

Tá samplaí luaite ag Reuters de chruithneacht agus líon á mbabhtáil ag comhlachtaí le carranna, fearais tí agus ábhar tógála a ‘cheannach’ ón tSín. Níl babhtáil ar an scála seo feicthe ó na 1990idí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.