Bóihéamaigh agus Kneecap, geansaithe agus gníomh

Jenna Goulding

D’fhógair an Cumann Peile Bóihéamach níos luaithe an tseachtain seo seoladh geansaí as baile do shéasúr 2026, cruthaithe i gcomhar le Kneecap. Tá an grúpa ag déanamh urraíocht ar gheansaí an chlub don bhliain seo chugainn. Úsáidfear na cistí a bhaileofar chun tacú leis an ngiomnáisiam pobail Aclaí sa Phalaistín stiúideo ceoil pobail a thógáil ag Ionad Lajee ar an mBruach Thiar atá faoi fhorghabháil.

Is giomnáisiam pobail é Aclaí atá lonnaithe ag Ionad Lajee i gcampa dídeanaithe Aida i mBeithil, ar an mBruach Thiar. Osclaíodh i mí Feabhra 2020 é mar thoradh ar fheachtas tiomsaithe airgid idir Éire agus an Phalaistín. Inniu cuireann sé thart ar 600 seisiún oiliúna ar fáil gach mí do dhaoine de gach aois agus cumas. Fostaíonn sé seacht gcóitseálaí áitiúla agus tá a chuid oibre leathnaithe aige trí thionscadail dhaonnúla in Gaza.

Is geansaí bán é, le patrún caifía air. Tá sé maisithe le bratacha na hÉireann agus na Palaistíne. Tá an suaitheantas i nGaeilge agus tá an téacs C.E.A.R.T.A. le feiceáil air. Tá an coiléar agus na cufaí fite le dathanna oráiste, glasa agus dearga ó bhratacha an dá thír.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.