Cóilín Duffy
Dheimhnigh Ard-Chomhairle Chumann Peil Gael na mBan go mbeidh pacáiste dhá fheabhsú dhéag ar rialacha imeartha á thriail le linn shéasúr 2026 de Shraith Náisiúnta Peile Lidl agus i gcomórtais na Comhairle Ardoideachais, tar éis cruinniú a tionóladh i bPáirc an Chrócaigh maidin Dé Sathairn seo caite
Is toradh iad na hathruithe beartaithe ar obair fhairsing a rinne Grúpa Athbhreithnithe Rialacha Imeartha an Chumainn, a bunaíodh chun scrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar na rialacha reatha agus chun moltaí a chur chun cinn a bheadh cothrom, comhsheasmhach, cuimsitheach agus ag teacht le forbairt nua-aimseartha an spóirt. Reáchtálfar comhdháil speisialta i ndiaidh thréimhse na trialach chun cinneadh a dhéanamh faoi na rialacha a ghlacfar ar bhonn buan.
Tá sé athrú as an dá cheann déag ag teacht leis na feabhsuithe rialacha a mhol Coiste Athbhreithnithe Peile CLG i gcluiche na bhfear. Ina measc tá an marc ó chiceáil amach, an stua dhá chúilín, an riachtanas triúr imreoirí a bheith san leath den pháirc atá ag an bhfreasúra i gcónaí, an cos go lámh agus imeacht, agus cic saor a thabhairt ar aghaidh i gcás sáruithe oirbheartaíochta nó easaontais ón taobhlíne. Beidh cead fós ag foirne atosú sciobtha a dhéanamh laistigh den stua 40 méadar.

Díríonn na sé athrú eile go sonrach ar rialacha reatha Chumann Peil Gael na mBan, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an taicleáil. Léirigh an t-aiseolas ó shuirbhé cuimsitheach ar ghlac beagnach 3,000 páirtí ann go bhfuil mian láidir ann go dtiocfaidh athrú sa taicleáil, ach gan lánfhisiciúlacht a thabhairt isteach. Tháinig mian láidir chun solais freisin go go mbeidh nuálaíochtaí ann a chothódh luas, scil agus peil ionsaitheach, agus ag an am céanna a chaomhnódh leas agus sábháilteacht na n-imreoirí.
Bhí Mícheál Naughton, iar-Uachtarán Chumann Peil Gael na mBan, i gceannas ar an ngrúpa athbhreithnithe, agus bhí baill eile ar an ngrúpa lena n-áirítear Maeve Quinn (Liatroim), na moltóirí idirchontae Jonathan Murphy agus Siobhán Coyle, agus imreoirí reatha Caroline O’Hanlon (Ard Mhacha) agus Danielle Caldwell (Maigh Eo). Bhí iar-imreoirí Mary Jo Curran (Ciarraí) agus Fiona Claffey (an Iarmhí) páirteach freisin, mar aon le Mick Bohan, iarbhainisteoir Bhaile Átha Cliath, agus Willie Ward, bainisteoir Chlub Chill Choirín-Cluain Bheirn, buaiteoirí chraobh shinsearach chlub na hÉireann.
Cuireadh saineolas leighis agus taighde leis an obair tríd an Dr Siobhán O’Connor ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus bhí Lyn Savage, Bainisteoir Forbartha Náisiúnta Chumann Peil Gael na mBan agus príomhfheidhmeannach ceaptha na heagraíochta, ar an ngrúpa chomh maith.
Déanfar athbhreithniú lárthréimhse ar na rialacha tar éis an tríú babhta de shraith náisiúnta 2026, agus d’fhéadfaí tuilleadh leasuithe a dhéanamh más gá. Ag deireadh na sraithe, cuirfidh an grúpa moltaí foirmiúla faoi bhráid comhdháil speisialta. Ina theannta sin, d’aontaigh Comhairle an Ardoideachais go ndéanfaí na rialacha nua a thriail ina gcraobhchomórtais AIG, cinneadh a daingníodh ag an gcruinniú céanna den Ard-Chomhairle.