Cathal Ó Murchú
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Jarlath Burns go raibh stát na Breataine bainteach i ndúnmharú a saoránach féin le linn an chogaidh sa tuaisceart, ar a dtugtar na Trioblóidí de ghnáth, a mhair ó 1969 go 1998. Bhí sé ag labhairt ag a chumann áitiúil CLG féin, Cláirsigh Bhéal Átha an Airgid, ag bigil chun 50 bliain a chomóradh ón ionsaí gunna agus buama inar dúnmharaíodh triúr fear ag Beár Uí Dhónaill sa bhaile sin. D’fhreastail cúpla céad duine áitiúil ar an mbigil coinnle.
Meastar gurbh iad Drong Ghleann Anna de chuid Óglaigh Uladh a bhí taobh thiar ionsaí seo, an drong céanna a mharaigh thart ar 127 duine den phobal náisiúnach dar lena lán. Luaigh Burns freisin gurb iad “na saighdiúirí agus póilíní céanna a lorg ainmneacha agus seolta na ndaoine áitiúla na daoine céanna a bhí sa drong seo nó a bhí cóngarach dóibh.”
Dúirt sé freisin, “Ar feadh na mblianta ina dhiaidh, bhí cuid mhaith againn buartha faoin oíche agus faoi thorann gluaisteáin ag moilliú ar an bhóthar. Bhíomar buartha fosta faoi sholas ciorclach ó phatróil de chuid na bpóilíní agus Reisimint Cosanta Uladh mar thuigeamar go maith cad é a bhí le teacht. Bhogamar timpeall Ard Mhacha Theas le muinín, armtha ní hamháin le huirlisí troda, ach le faisnéis bailithe trí ghluaiseachtaí agus patróil oifigiúla de chuid fhórsaí na Corónach.”