Cóilín Duffy
Tá dhá chloch mhíle mhóra bainte amach i saol teanga na Ríochta Aontaithe an tseachtain seo, agus athruithe stairiúla i bhfeidhm do Ghaeilge na hAlban don, Albainis agus don Choirnis araon. Ar Lá Fhéile Aindrias tháinig acht nua teangacha na hAlban i bhfeidhm, a thugann stádas oifigiúil do Ghaeilge na hAlban agus don Albanisi den chéad uair. Ag an am céanna, d’fhógair rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeidh níos mó cosanta ag an gCoirnis faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus í ar chomhchéim le teangacha Ceilteacha eile an stáit.
I bParlaimint na hAlban vótáladh ar an acht i mí an Mheithimh, agus fuair sé aontú an rí i mí Lúnasa. Is anois, áfach, atá sé ag teacht i bhfeidhm mar bhonn dlí do chosaint agus do chur chun cinn na dteangacha dúchais. Áirítear ann cumhachtaí nua do thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge a iarraidh ina gceantar féin, caighdeáin mhúinteoireachta a leagan síos, agus taighde a choimisiúnú ar staid agus ar úsáid na dteangacha ar fud na tíre. Tá foráil ann freisin limistéir thábhachta teanga a ainmniú i bpobail Ghaeilge na hAlban, rud a ligfidh do na húdaráis polasaithe níos dírithe a chur i bhfeidhm ar cheantair ina bhfuil an teanga fós mar chroí-acmhainn phobail.
