16 maraithe ar Thrá Bondi san Astráil

Cathal Ó Murchú

Rinne beirt antoisceach Ioslamacha ionsaí gan choinne ar shlua Giúdach ar Thrá Bondi i gCathair Sydney na hAstráile agus maraíodh cúig dhuine dhéag, idir shean agus óg, in eachtra oll-lámhaigh ar shlua a tháinig le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile an Tiomnaithe, Hanukkah, a tharlaíonn ag an am seo den bhliain. Scaoil an bheirt ionsaitheoirí sraith piléar ar shlua na féile, thart ar mhíle duine a bhí bailithe.

Chomh maith leis na cúig íospartach déag a maraíodh, gortaíodh 40 duine lena n-áirítear beirt phóilíní. Mhair an t-ionsaí féin breis is deich nóiméad nuair ghabh na hionsaitheoirí droichead os cionn na páirce ina raibh an fhéile ar siúl agus chaith siad urchair gan stad ar lucht na féile. Rinne ball den phobal gaisce mór, teifeach Moslamach ón tSiria darb ainm Ahmed al-Ahmed, nuair a dhí-armáil sé duine de na hionsaitheoirí agus scaoil an duine eile urchair a ghoin é. Faoi dheireadh mharaigh na póilíní duine de na hionsaitheoirí agus ghabh siad an duine eile.

Ghlac an Stát Ioslamach freagracht as an ionsaí. Athair agus mac, Sajid (50) agus Naveed Akram (24), a rinne na hionsaithe sceimhle seo. Is ó Hyderabad na hIndia é an t-athair agus mharaigh na póilíní é le linn an ionsaithe. Rugadh an mac san Astráil agus gabhadh é le linn an ionsaithe. Tá sé cúisithe as 59 cion lena n-áirítear cúig dhúnmharú dhéag, 40 iarracht dúnmharaithe agus cinn eile maidir le seilbh gunnaí. Tá sé fógartha go mbeidh sé os comhair na cúirte i mí Aibreáin seo chugainn agus ní raibh iarratas ar bhannaí ann.

Níl aon amhras ach gur ionsaí gan choinne gan idirdhealú a bhí ann agus go raibh sé dírithe d’aon ghnó ar an bpobal Giúdach, ionsaí ar féidir a rá go raibh sé raibh frith-Sheimíteach. Cé nach bhfuil na hionsaithe seo i gcoinne an phobail Ghiúdaigh ró-choitianta ar bhonn domhanda, tá méadú áirithe le sonrú mar sin féin, mar shampla ionsaí Shionagóg Pittsburgh sa bhliain 2018 inar maraíodh 11 duine.

Maíonn Stát Iosrael go bhfuil méadú tubaisteach ag teacht ar ionsaithe frith-Sheimíteacha, mar a léiríonn an t-ionsaí seo. Ag an am céanna, leanann Stát Iosrael ar aghaidh lena bhfeachas cinedhíothaithe i gcoinne mhuintir Gaza, atá ar siúl le breis is dhá bhliain ag an tráth seo. Tá na céadta míle sibhialtach ar a laghad maraithe lastigh den tréimhse seo.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.