Vótáil Éire an tseachtain seo caite i gcoinne rúin i dtionól ginearálta na Náisiún Aontaithe ag dul i ngleic le cur chun cinn an Naitsíochais, an nua-Naitsíochais, agus le cleachtais eile a chabhraíonn le fás cineálacha nua ciníochais, idirdhealú ciníoch, seineafóibe agus éadulaingt a bhaineann leo.
Ba é an Rúis a mhol an rún. Tá rúin mar seo á moladh ag an Rúis agus táthar ag éirí leo ó 2005, mar iarracht dul i ngleic le fás an nua-Naitsíochais in Eoraip go háirithe. Ar fud na hEorpa ta fórsaí den eite dheis i bhfad amach ag éirí níos láidre, agus cuid acu ag labhairt go hoscailte ar son na Naitsithe.
Ach deir Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann gur vótáil siad in aghaidh an rúin toisc go maíonn an Rúis go bhfuil siad i mbun cogaidh san Úcráin ar mhaithe leis an Naitsíochas a scrios.
Níl aon tagairt don Úcráin sa rún, ámh, agus ar fud an domhain tá daoine buartha faoi fhás na heite deise i bhfad amach, agus sin é an fáth go raibh an oiread sin tacaíochta ann don rún sna Náisiúin Aontaithe.
Glacadh leis an rún le 105 tír ag vótáil i bhfabhar agus 52 ag vótáil ina aghaidh, le 15 ag staonadh.
Léirigh an vóta an scoilt mhór atá ag fás idir an tIarthar agus an domhan theas, mar a thugtar ar an Áise, an Afraic agus Meiriceá Theas. Mar is é an Eoraip agus domhan an Bhéarla a vótáil ar thaobh amháin, agus an chuid eile den domhan ar an taobh eile.
Is fiú a thabhairt faoi deara freisin gur vótáil Iosrael ar son an rúin, in ainneoin caidreamh an stáit sin leis na Stáit Aontaithe ach, i bhfianaise an méid a tharla don phobal Giúdach san Eoraip faoi réimeas na Naitsithe, ní fhéadfaidís gan cur i gcoinne an nua-Naitsíochais inniu.
Maidir le leithscéal na hÚcráine, tá a fhios ag an saol go raibh páirt mhór ag eagraíochtaí nua-Naitsíocha san Úcráin sa coup in 2014, agus léiríonn cathláin de chuid Arm na hÚcráine go minic suaitheantais Naitsíocha agus suaitheantais i gcuimhne na nÚcránach a throid in éineacht leis na Naitsithe.
Ach más fíor, mar a deir an rialtas, nach bhfuil an Naitsíochas ach ina rud imeallach san Úcráin, cén fáth nach raibh muid sásta vótáil in éineacht leis an gcuid is mó den domhan agus ár nguth a ardú i gcoinne an Naitsíochais agus i gcoinne fuath ciníoch?