Is feachtas ar líne bríomhar é Trasna na dTonnta, a nascann Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ar fud an domhain trí cheiliúradh na Gaeilge. Tosóidh sé Dé Luain (1 Nollaig) leis an seoladh oifigiúil, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé hAoine, le himeachtaí agus ábhar suimiúil do chách. I mbliana, beidh Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) i mbun na heagraíochta, ag tabhairt deis do dhaoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh.

Beidh an seoladh oifigiúil ar siúl Dé Luain, an 1 Nollaig. Beidh Mollie Guidera, ar a dtugtar @IrishwithMollie, ina bean an tí ar an ócáid agus roinnfidh sí leideanna praiticiúla agus stór focal leis na rannpháirtithe chun iad a ullmhú don tseachtain amach romhainn. Cuirfidh an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, an óráid fhoirmiúil i láthair. Beidh an seoladh le feiceáil beo ar chainéal YouTube Sheachtain na Gaeilge ag 4.30 pm.
I rith na seachtaine, is féidir le rannpháirtithe taitneamh a bhaint as sceideal iontach imeachtaí, lena n-áireofar:
- Teachtaireacht speisialta ó Mhamaí na Nollag.
- Ceardlann Logainmneacha leis an Dr. Lauren Ní Néill.
- Ceardlann Liricí Kneecap le Cuisle Nic Liam.
- Comhrá Leanúnach ar líne.
- Ceardlann Aireachais le Nuala Ní Scolláin.
- Léacht Staire le Briain Ó Conchubhair.
- Rang Gaeilge do Thosaitheoirí le Mollie Guideara.
- Biongó Lócó le duaiseanna iontacha.
Cuireann an feachtas daoine ar fud an domhain ag baint taitneamh as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta agus ar líne, ag glacadh páirte in imeachtaí spreagúla, agus i dteagmháil le pobal bríomhar Gaeilgeoirí.
Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí atá ar siúl ar fáil ar chainéil mheán sóisialta: @SnaGaeilge, agus ar an suíomh gréasáin.
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sna himeachtaí, cláraigh anois ag https://snag.ie/trasnanadtonnta/.