Bronnadh maoiniú beagnach €400,000 ar Aisling Ghéar faoin tríú sruth de Ghradaim Amharclannaíochta na Gaeilge 2025, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Is infheistíocht shuntasach í seo a chuirfidh ar chumas an chompántais drámaíochta léiriú mórscála nua a chruthú agus a thabhairt ar chamchuairt ar fud oileán na hÉireann in 2026.
Is cóiriú nuálach Gaelaithe ar shaothar clúiteach George Bernard Shaw, Pygmalion, a bheidh i gcroílár an tionscadail. Beidh an léiriú suite i mBéal Feirste le linn Oireachtas na Samhna 2026 agus déanfaidh sé iniúchadh ar cheisteanna teanga, canúna agus féiniúlachta, ag fiafraí cé leis ar cheart an teideal ‘cainteoir dúchais’ a thabhairt sa lá inniu ann.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!