Spéic na Girsí, caibidil 4

Ré Ó Laighléis

Caibidil 4
Tallanna: Dualgas agus Freagracht

Fágtar spás an ama acu siúd atá istigh le go ndéana siad a bplé ar a bhfuil ráite ag an mbean óg atá tagtha ina láthair oíche seo na marana. Tá tibhe cheoil le sonrú ar mhonabhar rithimeach na cainte faoi dhíon istigh – ceol an cheistiúcháin, ceol na tuairimíochta, ceol an aontaithe agus an easaontaithe araon. A nóta féin ag an uile cheol. An comhluadar fágtha ag deireadh phíosa cainte na mná óige leis an dá fhocal a sceith sí orthu, ‘dualgas’ agus ‘freagracht’. Meonta na droinge ag cíoradh impleachtaí na bhfocal sin i gcomhthéacs a bhfuil faoi chaibidil, agus súil acu leis an léargas orthu atá le teacht.

Go hiomasach, don chuid is mó, a thagann a cuid ráiteas chuig Daire. Ní hé nach dtuigeann sí domhan ná doimhneacht a smaointe féin, ach níl a fhios aici riamh cén cruth a bheidh orthu nuair a nascfar téad na h-inchinne le glór béil agus go scaoilfear cló na bhfocal sin le cluas an éisteora. Agus is dá réir sin i gcónaí é, nach le blas na hardmhuiníne a sheoltar a cuid friotal uaithi, ach le humhlaíocht agus dúil drithleach san Fhírinne amháin. Sea, Fírinne! Fírinne, faoi mar a thuigtear díse í. 

Í rud beag in amhras an mbeidh glór ar bith inti agus í ag teannadh leis an micreafón an babhta seo. Í mar a bheadh an scallamán éin go hard ar chiumhais na haille, agus bagairt bhuí bhéaltirimeach na heitilte den chéad uair roimpi. Trasnaíonn fuaire fhaitís fhileata an Riordánaigh a hintinn soicind. A cuimhne faoi ghreim ag an tuiscint gurbh leasc le snoíodóir cráite úd na rann casta – díreach mar ba leasc le Fionnbarra Naofa féin roimhe – siúl trí scamall an amhrais, mura gcinnteofaí dó roimh ré go dtiocfaí amach slán ar an taobh eile de dhoircheacht an fhliuchrais ghruama. Deimhniú birt roimh a dhéanta! Ach cá hann don muinín nuair is mar sin a bhíonn? Cá hann don misneach? Cá hann don bhfás? Sa chás seo, ní cheadófar tost. Ní cheadófar neamhaird. ‘Siúl leat go stopfar thú’, a deir glór taibhsiúil tochailteach na hinchinne léi. É ina chogar griogach guairdeallach i gcúl a cinn aici.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.